Sa tsraith nua ag tosú anocht, Déardaoin 8 Aibreán ag 7.30, Go Domhain san Fhuil, tabharfar léargas ar thrí bhád den bheagán bád atá ag iascaireacht go fóill amach as Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá dhá bhád acu sin ag John O'Brien agus a mhac Colm, agus is le Peadar Coll an bád eile.
Cé go bhfuil sé deacair laghdú i líon na mbád áitiúil a shéanadh, is deacra i bhfad é an rud atá san fhuil a shéanadh, rud atá sa dúchas acu ó ghlúin go glúin a bheith ag iascaireacht san Atlantach, is cuma na cúinsí.

Téann an iascaireacht ó ghlúin go glúin sna pobail Ghaeltachta, Machaire Rabhartaigh in Iarthar Dhún na nGall san áireamh. Is cuan beag a bhfuil cruth crú capaill air, le cé déanta as clocha agus a haghaidh le hoileán beag darb ainm Inis Bó Finne, oileán beag a bhfuil dlúthbhaint aige le tír mór.

De dheasca shrianta iascaireacht bhradán an rialtais, níl mórán bád ag obair as Machaire Rabhartaigh. Is le clann O'Brien na trí bhád atá ag obair go lán-aimseartha, sa tor ar phortáin taobh thiar d’Oileán Thoraí, agus soir go cósta na hAlban.   Tá John O'Brien i gceannas ar an Handa Isle, ar a bhfuil criú de thriúr, a mhac Seán san áireamh. Sa tor ar phortán taobh thiar de Thóraigh má bhíonn an uain chuige, ag caitheamh 36 uair ar an fharraige ar aon turas amháin.

Tá mac John, Colm, i gceannas ar an Aoibh Áine, bád portán nua-cheannaithe. Imíonn sí amach ar thuras dhá lá go Stanton Bank, ar chosta na hAlban. Agus praghas na bportán ag titim, tá brú orthu fanacht ar an fharraige níos faide, ag cur síos potaí breise, leis an ghnó a choinneáil slán agus caighdeán measartha maireachtála a bheith acu. Is le Peadar Coll an bád beag eile, a bhfuil ceadúnas aige a bheith ag iascach portán agus gliomach thart ar chosta Thír Chonaill, agus a dhéanann iascach eangaigh fá choinne mangach agus ballach – ach mar chaitheamh aimseartha seachas slí bheatha.

Tá cuimhne ag muintir na háite ar an tséasúr iascaireachta sna seanlaethanta, nuair a bheadh bádaí ag iompú ó iascaireacht shéasúir bhradán go iascach gliomach agus portán, chomh maith le ronnach agus iasc bán – nuair a b’fhéidir le héisc maireachtáil agus a athshlánú, agus go raibh airgead maith ar fáil.

Chuir an cosc ar iascach bradán tús leis an deireadh. Gan na deiseanna céanna acu, cuardaíonn aos óg na Gaeltachta obair in áiteanna eile, agus na scileanna tiascaireachta caillte acu, fainne fiáin an neamhaire agus an meatha nach dtig leo todhchaí don iascaireacht sa phobal bheag imeallaithe seo.

Agus cé gur deacair meath i líon na mbád go háitiúil a shéanadh, is deacra i bhfad é an rud atá san fhuil a shéanadh, rud atá sa dúchas acu ó ghlúin go glúin a bheith ag iascaireacht san Atlantach, is cuma na cúinsí.

Go Domhain san Fhuil, ag tosú anocht ar TG4 ag 7.30.