Labhair Mícheál Ó Muircheartaigh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin vacsaín agus faoi pheileadóirí Bhaile Átha Cliath.

Cé go bhfuil seachtain eile le déanamh ag Mícheál Ó Muircheartaigh sula mbeidh sé in ann bogadh amach agus caint le daoine mar ba mhaith leis, deir sé gur iontach an mothú é go bhfuil an dara prioc den vacsaín faighte aige. 

Luaigh sé nach raibh aon tinneas air ó shin ach gur bhraith sé an áit a ndeachaigh sé isteach ina lámh agus é ag cur léine air féin. 'Níor chuir sé isteach nó amach orm, buíochas le Dia.'


Is maith an rud cloí leis na rialacha, a deir sé agus dá réir, beidh sé ag fanacht istigh go dtí go mbeidh an tréimhse seo thart. 

Ar na rudaí a bhraith Mícheál uaidh le breis agus bliain anuas, tá cluichí, taisteal agus an rogha dul anseo agus ansiúd. Is léir go spreagann daoine óga Mícheál agus deir sé go bhfuil sé ag súil le daoine óga a fheiceáil ag imirt spóirt arís.

Maidir leis an eagla a bhain leis an ngalar, deir sé go ndéanann sé iarracht gan féachaint siar ach a bheith ag féachaint chun cinn i gcónaí.

Craolfar An Saol Ó Dheas ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00