Tá sé fógartha inniu ag Fíbín, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil Gradam Joe Steve buaite ag Eoin Ó Dubhghaill, drámadóir óg as Conamara, dá dhráma Rún. 

Is as Coill Rua Thoir in Indreabhán do Eoin Ó Dubhghaill, agus tá taithí aige a bheith ag aisteoireacht ar an ardán agus ar an scáileán le deich mbliana anuas i dtograí éagsúla as Gaeilge agus as Béarla, ina measc an sobaldráma Ros na Rún.Tá drámaí scríofa agus léirithe aige le Fíbín, An Taibhdhearc, Mumbro Top, Fizz and Chips Theatre Company agus High Rock Productions. 

Tá an dráma Rún bunaithe ar an gcaidreamh atá idir athair agus mac, agus tagraíonn sé don bhéaloideas a bhaineann le rónta agus a gceangal le muintir Uí Chonghaile.Fuair Eoin cabhair leis an gcoincheap seo don dráma ón aisteoir agus scríbhneoir cumasach Bríd Treasa Ní Ghaoithín, a bhfuil taighde agus obair déanta aici féin ar an ábhar.Tá Eoin tógtha le dráma raidió le tamall, agus bhain sé an-sult as a bheith ag obair ar a dhráma raidió féin.

Joe Steve Ó Neachtain, nach maireann.

Dúirt Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne le Fíbín:"Scéal ionraic ón gcroí a chuirtear inár láthair sa dráma Rún faoi chaidreamh achrannach idir athair agus mac, agus mar dhéantar athmhuintearas eatarthu ar aistear farraige agus iad i mbéal na stoirme.Is dráma ar leith atá anseo, le hatmaisféar osréalach, fuaimrian tagach, agus téamaí agus bríonna éagsúla le sonrú ann, a bhaineann úsáid iomlán as meán an dráma raidió chun an scéal a insint.Léiríonn an drámadóir scil eisceachtúil ó thaobh cúrsaí teanga de, agus féith dúghrinn láidir.Is saothar thar a bheith cumhachtach atá curtha i dtoll a chéile dúinn agEoin Ó Dubhghaill."

Dúirt Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta:"Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta thar a bheith sásta a bheith i bpáirt le Fíbín don ghradam seo. Fathach fir ab ea Joe Steve Ó Neachtain, nár leasc leis riamh ugach a thabhairt don óige, agus creideann muid go meallfaidh an gradam seo atá ainmnithe ina dhiaidh níos mó drámadóirí óga le dhul i mbun pinn.Cuideoidh sé linne sa Raidió anseo freisin aithne a chur ar na drámadóirí óga sin.Tréaslaím a ghradam le hEoin."  

Bronnfar €500 ar Eoin Ó Dubhghaill, agus bronnfar dhá dhuais thánaisteacha €200 ar an bheirt drámadóirí eile a bhí ar an ngearrliosta, Seán Ó Dubhchon as Machaire Rabhartaigh, agus Susanne Colleary as Sligeach. 

Craolfar na trí dhrámaí maidin Luan Cásca ag 9.15 am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh agallaimh ghearra le cloisteáil freisin leis na drámadóirí agus iad ag cur síos ar a gcuid saothair. 

Is iad na haisteoirí Eoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach a bheas le cloisteáil sna príomhpháirteanna sa dráma Rún le hEoin Ó Dubhghaill.Is iad Danny McCafferty, Pól Penrose agus Marcus Lamb a bheas le cloisteáil sna príomhpháirteanna sa dráma Nuair a Scoilt an Scáthán le Seán Ó Dubhchon.Is iad Marie Bheag Bhreathnach, Gráinne Bleasdale agus Áine Ní Dhroighneáin a bheas le cloisteáil sna príomhpháirteanna sa dráma Murmur le Susanne Colleary.

Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn.Tá siad lonnaithe sa Tulach i gceantar Chois Fharraige i gConamara.Is iad Fíbín a reáchtáil an comórtas. 

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Taibhdhearc na hurraitheoirí ar an Ghradam Joe Steve.