Labhair an ceoltóir agus amhránaí, Méabh Ní Bheaglaoích le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina halbam nua atá díreach eisithe aici.

Deir Ní Bheaglaoích gur saghas litir chuici féin atá i ngach amhrán a scríobhann sí, rud a chabhraíonn léi ciall a bhaint as an saol. Méabh, mise le meas, a thugann sí ar an albam agus léiríonn an teideal go bhfuil sí ag iarraidh meas a thaispeáint don traidisiún cheolmhar a mhúnlaigh í chomh maith le meas a léiriú uirthi féin.

Helen Ní Shé

Ag caint ar an misneach a theastaíonn le bheith i do cheoltóir, luann Méabh go bhfuil tuiscint aici anois ar an mbaol a bhaineann le bheith ag géilleadh don eagla. Síleann sí gur fiú go mór dul sa tseans agus do chuid ealaíne a dhéanamh agus a chur amach os comhair an domhain mhóir. 

"Ní haon mhaitheas an t-eagla, a thuilleadh. Tá mo dhóthain ama caite agam ag géilleadh don eagla agus gan faic á dhéanamh agam dá bharr. Is mór an bac é an t-eagla ar an gcruthaitheacht agus ar an mbeocht, fiú amháin."

Cé gur dheas le Méabh tuairimí dhaoine eile a fhágáil a leataobh agus a rud féin a dhéanamh, deir sí go bhfuil tuairimí a muintire fós tábhachtach di. 

Is féidir leat dlúthdhiosca nua a ordú anseo

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-.1.00