Tá borradh nua faoi litríocht na Gaeilge le roinnt blianta anuas – agus beidh sé seo go mór faoi chaibidil ag Ola Majekodunmi, sa tsraith agallaimh ar líne atá á dhéanamh aici do LoveLeabharGaeilge.

Tá aithne mhaith ag an bpobal ar Ola faoin tráth seo – d'oibrigh sí le Raidió na Life agus Dublin South FM, agus ina dhiaidh sin thuill sí clú di féin ar  roinnt cláracha le RTÉ agus as a cuid saor iriseoireachta arlíne.  Sa tsraith seo, áfach, feiceann muid taobh eile di – a cuid suime sa litríocht, agus a cuid talainn láithreoireachta.

"Is breá lioma bheith ag labhairt le scríbhneoirí cumasacha maidir le litríocht na Gaeilge,’ arsa Ola agus muid ag labhairt léi faoin tsraith nua.  "Thaitin leabhair agus dánta Gaeilge liom ó aois óg ar scoil agus tá sé iontach an deis a fháil anois a bheith i gcomhráití faoi théamaí éagsúla i litríocht na Gaeilge."

Agus ar ndóigh ní bhíonn aon easpa ábhar le plé!

Scríbhneoir, Ciara Ní É

In agallamh amháin, le Ciara Ní É, insíonn Ciara d’Ola faoin mborradh atá tagtha ar a cuid scríbhneoireachta ó bhog sí amach as Baile Átha Cliath agus ó dheas go Ciarraí Theas – áit a bhfuil spás aici chun a cuid saothair a chur le chéile mar is ceart.  Agus in agallamh eile le hEoin P. Ó Murchú – nochtaíonn seisean a chuid smaointe i dtaobh na bearnaí a fheiceann sé i litríocht na Gaeilge – go h-áirithe i réimse an'Chicklit’ agus réimse na scéinséirí.

Tá na h-agallaimh ar fad le fáil ar chainéal na meáin shóisialta de chuid LoveLeabharGaeilge – le sraith agallaimh míosúla le theacht!