Labhair Aimee Connolly le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina gairm beatha le smideadh.

Is as Baile Átha Cliath d'Aimee agus d'fhreastail sí ar Ghaelscoil agus meánscoil trí mheán na Gaeilge freisin. Deir Aimee nach raibh sí go maith ag ealaíon sa scoil ach thosaigh sí ag obair le smideadh go páirt-aimseartha agus thaitin an obair sin go mór léi. 

Bhain Aimee céim amach sa ghnó agus Fraincís in UCD agus í ag obair mar ealaíontóir smididh ag an am céanna. Labhair Aimee maidir leis an muinín a theastaíonn ó chailíní óga agus deir sí gur mhéadaigh a cuid muiníne agus í ag obair le smideadh.

Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir Bhladhaire

Bhunaigh Aimee a comhlacht féin, Sculpted by Aimee nuair a bhí sí fiche dó bliain d'aois, comhlacht atá ag dul ó neart go neart. Bhí 'fhios ag Aimee cén saghas táirgí a theastaigh uaithi a chur ar an margadh ach ag an am céanna, deir sí nach ndearna sí an iomarca machnaimh faoi, rud a chabhraigh go mór léi, dár léi féin.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin mbranda Sculpted by Aimee anseo.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.