Cad a tharlaíonn nuair a thugtar ainm nach ndéanann ciall d'fhorbairt tithíochta i gCeantar Ghaeltachta? Seo scéal Pairceanna na Glas, sa Daingean, á fhiosrú ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dár ndóigh, tá stair ag an Daingean le hainmneacha éagsúla a thugtar ar an mbaile féin. Is baile Ghaeltachta é An Daingean agus dá réir, bhéifí ag súil leis go gcuirfí ainmneacha Gaelacha ar fhorbairtí cosúil le Pairceanna na Glas. 

Labhair Edel Ní Loibhéad le muintir an bhaile féachaint cad a cheap siad den ainm seo agus ba léir nach raibh siad sásta leis an ainm a tugadh air. Deir Comhairle Contae Chiarraí nach mbeidh siad ag athrú ainm na heastáit seo.

Ag labhairt le Helen Ní Shé, deir Pádraig Ó Cearbhúil, atá ag plé le logainmneacha le fada ag an gCoimisiún Logainmneacha, mhaígh sé gurb é seo an chéad uair go bhfaca sé an focal Pairceanna agus nach ndéanann Pairceanna na Glas ciall ó thaobh na gramadaí ach oiread.

"Níl aon bhrí leis... tá sé náireach", a deir sé ach go háirithe i gceantar Ghaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craolfar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine 12.08-1.00.