Presenter Sinéad Ní Uallacháin is taking on the ultimate challenge, redefining Peig Sayers in the national narrative in a new show on the 10th of March on TG4.


Seanabhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach" Dúradh go raibh déagóirí na tíre cráite ag beathaisnéis Peig Sayers 'Peig' nuair a bhí sé ar an gcuraclam Ardteistiméireachta go dtí 1995. 

Dúirt na mic léinn óga siad go raibh sé 'leadránach' agus gan staonadh.  Tabharfaidh clár faisnéise nua ar TG4 léargas nua ar Pheig, ar a pearsantacht agus ar a scil mar scéalaí a chraolfar ar an 10ú Márta ag 9:30pm.

Rachaidh an craoltóir aitheanta, Sinéad Ní Uallacháin, ar aistear chun saol agus oidhreacht Peig Sayers a chíoradh le feiceáil an ionann í agus a leabhar Peig, agus í ag iarraidh a fháil amach an bhfuil meon na tíre athruithe blianta fada tar éis a leabhar a bheith ar shiollabas na hArdteiste. 

Tabharfaidh sí léargas don lucht féachana ar cérbh í Peig, ag éisteacht le taifeadtaí di, ag féachaint ar sceitsí grinn di agus ag bualadh leo siúd a bhfuil grá aici di agus a bhfuil meas aici uirthi, ag iarraidh faoi dheireadh an meon diúltach faoi Pheig a dhíbirt. 

You can listen to Sinéad Ní Uallacháin, presenter of Peig talk to Ryan Tubridy about her journey of rediscovery on RTÉ Radio One.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


"N'fheadar ar thuig Peig ariamh go mbeimis fós ag caint an oiread sin uirthi sa bhliain 2021? Do bhean a d’inis a scéal féin agus a thug uaithi a cuid scéalta go fial, ní dóigh go bhfuil an míchlú a luaitear léi, tuillte aici. Tá níos mó ag baint leis an mbean seo, mar atá fachta amach agam, agus mé ar m’aistear pearsanta le haithne níos fearr a chur uirthi"- Sinéad Ní Uallacháin. 

'Ba bhreá liom Gaeilge a labhairt ach ní maith liom Gaeilge mar gheall ar an leabhar sin’  - gearán coitianta uathu siúd a raibh orthu Peig a léamh ar scoil. Nochtann Sinéad ar a turas nach raibh sé ar intinn ag Peig a bheith ina ábhar fuatha i measc déagóirí na hÉireann. Bhí Peig ar cheann de na scéalaithe is fearr in Éirinn, taibheoir agus siamsóir den scoth. Deir Máire Ní Dhálaigh ó Ionad an Bhlascaoid ‘Bean seoigh, lán de rógaireacht, agus craic, b'shin an Netflix a bhí acu'. Ba bhean lách í a bhí lán de spraoi agus de chraic a tharraing daoine chuici. Nochtann taifeadtaí cartlainne sa chlár ón gCnuasach Bhéaloideas Éireann gur aisteoir agus taibheoir den scoth ab ea Peig. Insítear dúinn go raibh os cionn 350 scéal ag Peig agus taifeadadh déanta orthu. 

Bhí tuairim ann go raibh baint ag Peig le saol na cráifeachta agus leis an sean-shaol agus íomhá a bhí á lorg an an stát nua-bhunaithe sna 20idí agus 30idí.  Dúirt an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin,  "Cha raibh a fhios aici go raibh sí le dul viral". Is meafar é an ráiteas 'cois amháin san uaigh is ceann eile ar an mbruach' dar le Siún Ní Dhuinn ar an meon atá ann faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Buailfidh Sinéad le daoine eile ar nós Sharon Granahan a bhfuil tatú de Peig aici agus a mhínionn cén fáth gur laoch í Peig di. Deireann Nuala Ní Dhomhnaill dán nua-chumtha in ómós do Pheig. 

Craolfar PEIG ar TG4 10ú Márta 9:30pm