Emma Ní Chearúil writes about MoThreibh/ My Tribe, starting tonight on RTÉ1 at 7.30pm and her place in the Indie movement.

Níl aon amhras ach go gcothaíonn an ceol nasc daonna eadrainn. Ní chuirfeadh aon ní ola ar do chroí mar a chuirfeadh an ráiteas "chuir an t-amhrán seo thú i gcuimhne dom" a chloisteáil ar bheola duine a bhfuil cion agat orthu. Is iomaí buanchairdeas atá fréamhaithe sa splanc gliondar a lastar le linn comhrá a thosaítear le ceist leithéid de "An taitníonn an banna seo leatsa freisin?!"

Agus Mo Threibh á thaifead, iarradh orm cad as a d'eascair mo spéis sa gceol indie. Ba dheacair dom cheist a fhreagairt.

Is cuimhneach lion an chéad cheolchoirm ar a d’fhreastail mé in íoslach Crawdaddy. Is cuimhneach liom cailín ciúin a chuir cluaisíní croí orm nuair a nochtaigh sí dom go raibh bailiúchán ceirníní Beirut aici. Ar scoil, dúradh liom "you’re so indie!" le teann magaidh mar gheall go raibh mé ag éisteacht le Florence + the Machine. Níor thuig mé brí an fhocail dáiríre. Is cuimhneach liom Phantom FM a aimsiú de thaisme oíche dhubh éicint agus mé ag útamáil leis an raidió, agus The Horrors a chloisteáil den chéad uair. Ní raibh ach pop cloiste agam ar na haerthonnta roimhe sin.

Bhí dúil an chait agam i ngigeanna sula raibh mé 18 go fiú. De réir a chéile chuir mé aithne ar dhaoine d’fhreastalódh orthu in éindí liom. Daoine cruthaitheacha, gealgháireacha, a d’eagródh turais chun na cathrach le bheith ag póirseál i siopaí céirníní Bharra an Teampaill agus a bhíodh ag scéiméireacht faoi bhealaí a bhféadfadh muid freastal ar fhéilte ceoil gan pingin rua eadrainn.

Emma Ní Chearúil

Bhí mé meallta ag an saol ar fad a bhain leis. Bhain ceol indie le héagsúlacht, le dánacht, le duillí ticéid carnaithe i mbosca faoi mo leaba. Bhain sé le seomraí dorcha faoi thalamh na cathrach, buataisí móra, sciortaí gearra, agus le bréagchártaí aitheantais. Scaití bhain sé leis an náire a d’eascair as teip na mbréagchártaí céanna agus Jammy Dodgers ó Spar Shráid na Mainistreach a ithe ar thaobh an bhóthair agus muid ag fanacht ar síob abhaile lenár dtuismitheoirí.

Is iomaí cor agus casadh a tháinig ar bhrí an téarma indie. Luaigh mé Florence + the Machine ní ba luaithe, ach tá sí sin mór le rá i gcairteacha pop an lae inniu agus ní dócha go raibh sí indie sa gciall "neamhspleách" an t-am sin ach oiread, cé gur cuireadh an lipéad sin uirthi.

Tá pobal láidir ceoil neamhspleáigh in Éirinn anois, féach leithéidí Know Name agus Soft Boy Records ag cruthú ceoil agus ag cothú pobail as a stuam féin. Cé gur réimse leathan de sheánraí ó hip hop agus R&B go snagcheol agus ceol leictreonach atá a chruthú acu, tá anam agus éiteas indie go smior a gcnámha i gcónaí.

Tá mo dhearcadh fhéin athraithe le caitheamh an ama freisin. Tráth den saol, b’ionann indie agus Doc Martens dearga Daisy Lowe  ar leathanaigh Hot Press agus í ag breathnú ar The Strokes ag Glastonbury. Tuigim anois gur éiteas atá ann a ligean don duine aonair seilbh a ghlacadh ar aschur cruthaitheach, a scéal agus fuaim féin a roinnt leis an saol mór - is cuma más CMAT ó chontae na Mí atá ag canadh faoina bheith ina buachaill bó atá ann, nó St Vincent, bean aiteach a bhfuil smacht iomlán léiriúcháin aici ar a cuid ceoil ar ardáin idirnáisiúnta.

I mo chás-sa is grúpa dílis cairde atá ann a bheireann ar lámha a chéile agus dordfhuaim an cheoil á aireachtáil acu ina gcliabhrach, a gcroí ag preabadh le teann gliondair faoi dheargsholas an Olympia, chuile fhocal den amhrán de ghlanmheabhar acu. Nára fada uainn arís é.

Mo Threibh/My Tribe, starts tonight at 7.30pm on RTÉ1.