Amárach, Dé Céadaoin an 24 Feabhra 8.30pm ar TG4 fiosróidh Aonach Amárach cuid lárnach de shaol na tuaithe é an seó talmhaíochta.

Bíonn os cionn 140 díobh ann chuile bhliain in Éirinn. Is breá le gach duine, idir iomaitheoirí agus an lucht féachana, iad.

Gach bliain caitheann daoine an t-uafás ama ag réiteach a gcuid ainmhithe agus a gcuid taispeántas, sula mbuaileann siad bóthar chuig an aonach.

Ach mar a deir an t-amhrán: 'Cén mhaith dom é -ní bheidh mé ann!' I mbliana cuireadh gach aonach agus seó ar ceal. Ach ní hionann sin is a rá go raibh pobal na seónna talmhaíochta díomhaoin. A mhalairt ar fad a bhí fíor. Choinnigh gach mac (agus iníon) máthar orthu ag réiteach, ag cur snas ar rudaí agus iad i mbun lámhcheardaíochta, ag bácáil, ag cur glasraí agus bláthanna agus ag déanamh cinnte go mbeidís réidh don chéad séasúr eile.

I rith na bliana 2020, bhí foireann teilifíse ‘Beidh Aonach Amárach’ ag bailiú na scéalta faoi na daoine díograiseacha sin a dhíríonn a n-aird ar na duaiseanna agus na ribíní dearga tábhachtacha sin. Thugamar cuairt ar fheirmeoirí caorach agus eallach, ar lucht na madraí aclaí, ar na báicéirí, na seodóirí, na caoladóirí agus iomaitheoirí eile a choinnigh orthu i rith an ama seo saor ó chomórtas.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Sraith teilifíse éadrom, thaitneamhach í seo a léireoidh saol na ndaoine sin a bhfuil paisean ar leith acu don tuath agus don cheardaíocht. Inseofar a gcuid scéalta agus feicfimid an dua a chaitheann siad lena gcaitheamh aimsire agus le hobair na feirme.

Beidh míreanna sa tsraith seo as ceantair ar fud na hÉireann- ó cheantair áille sa taobh ó thuaidh den tír go dtí áiteanna cosúil leis an Aird Mhór, i gContae Phort Láirge. Le radhairc tharraingteacha, ainmhithe ar ardchaighdeán, scannánaíocht dhraíochtúil, agus scéalta nár insíodh cheana, seo sraith a mbeidh daoine ag iarraidh suí síos le cupán tae chun taitneamh a bhaint as, le linn thráthnónta an gheimhridh.

Aonach Amárach, Dé Céadaoin an 24 Feabhra 8.30pm ar TG4