Dúirt an Taoiseach Micheál Martin in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn gur údar díomá dó an seasamh atá glactha ag an DUP maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann, agus gur cheart an pholaitíocht a chur ar leataobh agus theacht ar réiteach phraiticiúil ar na deacrachtaí taobh istigh de struchtúr an chonartha. 

San agallamh ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, dúirt an Taoiseach gur díol imní é an méadú ar an teannas idir dhílseoirí agus aontachtaithe ar an gceist seo, agus an baghcat ar chainteanna thuaidh theas. 

"Tá brón orm go bhfuil sé sin ráite ag an DUP, ní dóigh liom gur sin an slí ceart chun déileáil leis an gceist seo.Bhí an DUP sásta i ndiaidh na Nollag, cé nach rabhadar sásta leis an Prótacal, bhí siad sásta comhoibriú leis go praiticiúil." 

"Tá muid sásta comhoibriú le gach éinne chun nithe áirithe a bhfuil daoine buartha faoi a phlé ... Tá coiste ann chun rudaí a phlé agus fadhbanna a réiteach laistigh den Phrótacal agus ba chóir dúinn an coiste sin agus na bealaí sin a úsáid ... Bhí an- chuid oibre déanta ag gach éinne ag díriú ar an gceist seo le cúpla bliain, níl fiú 2 mhí ó mhí Eanáir – ba chóir na bealaí atá ann laistigh den chonradh a úsáid, sin an rud is éifeachtaí i mo thuairimse." 

Bhí an Taoiseach faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra

"Mar a dúirt mé cheana, caithfidh muid an teannas sin a ísliú....Níl aon mhaitheas i bpolaitíocht den tsaghas sin i mo thuairimse.Tádualgas orainn go léir an teannas a ísliú, teacht le chéile, na ceisteanna a phlé le chéile ... caithfidh muid an pholaitíocht a chur ar leataobh agus déileáil leo i gcomhthéacs eacnamaíochta, sóisialta agus go praiticiúil." 

Maidir le cúrsaí i bPoblacht na hÉireann, dúirt sé nach bhfeiceann sé go mbeidh tithe tábhairne nó bialanna oscailte arís go dtí lár an tsamhraidh, agus gurb iad na cineálacha nua den víreas an rud is mó atá ag déanamh imní don rialtas agus do na dochtúirí sláinte poiblí agus dá réir gur athoscailt an-mhall atá romhainn.  

"Níl sé sin (oscailt na díthe tábhairne srl) i gceist againn roimh lár an tsamhraidh i mo thuairimse... an rud atá á rá ag na húdaráis sláinte poiblí go gcaithfidh muid an babhta seo a thógáil go deireadh Aibreáin, machnamh a dhéanamh ar an scéal ansin, cinneadh a dhéanamh ansin faoina míonna ina dhiaidh sin.""Ní bheidh mórán athrú le teacht mar tá na huimhreacha ró ard... 'séard atá i gceist againn de réir a chéile na scoileanna a oscailt... beidh sé mall, beidh muid cúramach, mar caithfidh muid scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheas ag oscailt den saghas seo ar an víreas.An imní is mó atá orainn variants nua ag teacht ar an bhfód, mar b'fhéidir go gcuirfeadh siad isteach ar vacsaíní.Tá sé ciallmhar, mar sin, dul go mall mar tá na vacsaíní ag teacht."

Bhí an Taoiseach Micheál Martin faoi agallamh ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn.