Cuirfear tús le sraith nua den chlár ceoil Sruth na Maoile inniu, Dé hAoine 19 Feabhra ag 2.05 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, sraith a taifeadadh agus na láithreoirí na céadta míle óna chéile. 

Is comhchraoladh le BBC Radio nan Gàidheal atá sa chlár seo, an comhchraoladh Ceilteach is faide ar bun ar domhan, agus go hiondúil déantar sraith amháin a thaifead in Éirinn, agus an chéad cheann eile in Albain.Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh an uair seo de bharr na srianta sláinte poiblí, agus b'éigean dul i muinín na teicneolaíochta. 

Is iad Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig a chuireann Sruth na Maoile i láthair, clár dátheangach, agus cé go raibh taifead na sraithe seo beagáinín éagsúil, deir Seán gur chuidigh sé leo go mór go raibh aithne mhaith acu ar a chéile. 

 "Murach an aithne atá agam fhéin agus ag Mairi Anna ar a chéile théis bheith ag obair le chéile le os cionn 26 bliain, ní éireodh linn an tsraith seo a thaifead ní dóigh liom.

Nuair a thosaigh muid ar an gclár sna nóchaidí, is coincheap nua a bhí ann.Rinne muid iarracht ceol agus cultúir a chéile a chur os comhair ár gcuid éisteoirí.Bhí mé fhéin agus Mairi Anna ag foghlaim óna chéile, agus sílim gur oscailt súl a bhí ann do dhaoine gur aon chultúr Gaelach amháin muid ag deireadh an lae!" 

"Tá an oiread céanna spéise againn sa chlár inniu is a bhí an chéad lá, agus ní raibh an oiread fonn riamh orainn tabhairt faoin tsraith agus a bhí i mbliana!Ach a bhuíochas don taithí a bhí againn ar bheith ag láithriúle chéile, agus úsáid na teicneolaíochta, bhí mise in ann a bheith i gCasla, Conamara agus Mairi Anna in Ardgour na nAlban ag taifead na sraithe mar a bheadh muid os comhair a chéile. Táimid ag baint fíor thaitneamh as an bpróiséas!" 

Seo an 27ú bliain den chlár, a bhuaigh an gradam don Chlár Ceoil Raidió is fearr ag Féile na Meán Ceilteach 2020 don choirm mhór cheiliúrtha 25 bliain a chraol siad beo as Glór in Inis.Tugann an clár ardán do cheoltóirí agus d’amhránaithe ó dhá thaobh Shruth na Maoile atá ag plé leis an traidisiún, nó atá ag cumadh ceol comhaimseartha atá fréamhaithe sa traidisiún.

Ar chuid acu siúd a bheas le cloisteáil sa tsraith nua, beidh Rachel Newton, Treasa Ní Mhiolláin, Rura, Eoin Ó Ceannabháin & Ultan O’Brien, Glenfinnan Cèilidh Band, Cruinne-Cè, Ceòlta, Niteworks feat. Julie Fowlis, Connie Mhary Mhicí, Tayside Young Fiddlers, Sinéad Healy, Patrick Street , Angus G. MacLeod,agus neart eile. 

10 gclár in iomlán a bheas sa tsraith nua, a bheas le cloisteáil gach Aoine ag 2.05 pm, agus athchraoladh gach Déardaoin dár gcionn ag 7pm, ag tosú Dé hAoine 19 Feabhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.