Labhair Seán Ó Cadhain agus Garry Mac Donncha faoin drochíde, ciapadh agus bagairtí atá á fháil ag an imreoir Éireannach sacair James McClean ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Imreoir é Mc Clean a chothaíonn conspóid gach bliain timpeall mhí na Samhna a deir Garry mar go ndiúltaíonn sé an poipín a chaitheamh, mar a dhéanann formhór imreoirí sacair eile i Sasana. Míníonn sé gach bliain nach féidir leis an poipín a chaitheamh mar gheall ar imeachtaí stairiúla ar nós Domhnach na Fola i nDoire ach gach bliain, déantar scéal mór sna nuachtáin tablóideacha nach bhfuil sé á chaitheamh.

Deir Seán Ó Cadhain go n-aontaíonn sé le James Mc Clean nach bhfuil daoine sásta dul i ngleic leis an bhfrithÉireannachas mar a théitear i ngleic le fuathchaint de chineálacha eile. Tá Seán den tuairim go bhfuil Breatimeacht ag cur leis an gcineál fadhb seo mar go bhfuil an meon seo ag dul i dtreis ó shin. Tá an meon seo le haithint 'beagán ar bheagán le trí bliana anuas', a deir sé.

Luann Garry nach bhfuil tacaíocht á fháil ag James Mc Clean ó imreoirí gairmiúla eile agus tá sé den tuairim go bhfuil 'fadhb mhór mhílteach' i Sasana i láthair na huaire.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.