Dé Domhnaigh beag seo, 21 Feabhra ag 9.30 ar TG4 a chraolfar an chéad chlár de chuid Sruth, sraith nua a fhiosraíonn agus a dhéanann ceiliúradh idir Éire agus Albain.

Sruth - níl focal níos fearr le cur síos a dhéanamh ar an ghluaiseacht atá ar bun trasna Shruth na Maoile leis na mílte blianta anuas, idir dhaoine, theangacha agus chultúr, an turas farraige is giorra idir Éire agus Albain. 

Is bríomhar an focal é agus gheobhaidh muid léargas iontach ar an bheocht sin i dtaobh an chultúir i Sruth, sraith úr cheoil de cuid Táin Media a chraolfar ar TG4 agus ar BBC Alba i mí Feabhra. 

Tabharfar an deis do chuid de na ceoltóirí óga is fearr as tuaisceart na hÉireann agus as Albain an cumas breá atá iontu a chur os comhair lucht féachana teilifíse astu féin nó ag seinm le cuid de réaltaí seanbhunaithe an cheoil thraidisiúnta ón dá thír. 

 Is í an t-amhránaí clúiteach, Maighread Ní Dhomhnaill, a bheidh i mbun tráchtaireachta agus buailfimid leis na ceoltóirí óga is cúis leis an dul chun cinn iontach atá á dhéanamh i ndáil le ceol dúchasach sa dá thír le scór bliain anuas. 

Léireofar sa tsraith go bhfuil an traidisiún chomh láidir céanna i gcúlsráideanna Bhéal Feirste nó in eastáit tithíochta i nGlaschú agus atá sé faoi scáth na hEaragaile nó ar Eilean Sgítheanach. 

Innes White

Is sraith í Sruth a bhfuil rian lucht an cheoil go mór le brath uirthi, sa mhéid is go léiríonn sé tábhacht an teaghlaigh i gcothú an cheoil agus tábhacht an phobail a chuidíonn leis an gceol a bheith faoi bhláth.

Mar a deir an fidléir as Albain, Duncan Chisholm: "Eascraíonn an ceol as an áit arb as muid, as cé muid féin agus tá an nasc sin idir tuaisceart na hÉireann agus Albain thar a bheith soiléir." 

Athchruthóidh an tsraith an paisean atá ag ochtar ceoltóirí óga dá n-uirlisí agus dá n-oidhreacht agus tá siad uilig chomh deisbhéalach ag caint ar a gcuid ceoil – i nGaeilge, i nGàidhlig nó i mBéarla – agus atá siad i mbun cheoil. 

Is i nDún Éideann, i nGlaschú i mBéal Feirste, i dTír Chonaill agus in áiteanna eile a rinneadh an scannánú ach bhí dúshláin ar leith roimh lucht a dhéanta mar gheall ar  shrianta an Choróinvíris a bhí i réim ag an am, cé gur cloíodh le scaradh sóisialta, chruthaigh an ceol droichead dlúthchaidrimh idir na ceoltóirí. 

Is sraith ar leith í Sruth ina dtugtar léargas ar an cheol traidisiúnta i gCúige Uladh agus in Albain sa lá atá inniu ann, a thugann ómós do na glúnta a chuaigh romhainn, idir aitheanta agus gan iomrá, agus a chuireann fáilte mhór chroíúil roimh an am atá le teacht. 

Craolfar an chéad chlár den tsraith ag an 9.30pm an 21 Feabhra ar TG4 agus ar fud an domhain ar www.tg4.ie