Le linn na dianghlasála, tá go leor daoine ag cur peann le pár timpeall an domhain. Tá ceardlann á reachtáil ag Cló Iar Chonnacht chun tacú leo siúd atá ag iarraidh bualadh le scríbhneoirí Gaeilge ach nach bhfaigheann an deis sin.

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d'Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé.

Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.

Beidh áit do ochtar ar an gceardlann.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com ROIMH an 12 Márta 2021.