Labhair Cáit Uí Chofaigh agus Máire Ní Iarlaithe le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi thús a chur le glantachán an Earraigh.

Máire says despite admiring Marie Kondo's methods of decluttering, she hasn't implemented every tip Kondo has shared. Deir sí, áfach, má thosaíonn tú ar ghlantachán, go gcaithfidh tú gach saghas maoithneachas a chaitheamh uait chun aghaidh a thabhairt air. Ní fiú a bheith ag smaoineamh faoin méid airgid a chaith tú ar rud, má tá sé ag fanacht sa chófra agus nach bhfuil tú á chaitheamh.

Baineann neart den obair seo leat féin agus d'aigne féin, a deir Máire. Luann sí go gcaithfeá 'bheith 'an-eagraithe agus socraithe' chun tabhairt faoi a leithéid.

A mhalairt ar fad a dhéanann Cáit Uí Chofaigh a deir nach gcaitheann sí amach 'faic' agus go bhfuil an tigh lán, dá réir. Mar a rinne go leor, bhí Cáit i mbun glantachán le linn an chéad dianghlásala ach go bhfuil an tréimhse sin anois thart ach nach bhfhuil aon fhonn uirthi ó shin.

'Tá an áit mar a bhfuil' agus níl sí ag iarraidh 'scarúint le leabhra' nó le héadaí nach gcaithfidh sí ariamh arís ach go bhfuil sí tógtha le cuimhní na nithe sin.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00