Labhair Peadar Lamb le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin ealaíontóir Harry Clarke; cérbh é agus cén tábhacht a bhain lena chuid saothar.

Tá ealaíon de chuid Harry Clarke le feiceáil i mBaile Átha Cliath chomh maith le sa Díseart sa Daingean ó bhí 1922 ann. Deir Peadar go bhfuil cáil ar Chlarke maidir leis an ealaíon a rinne sé a bhain le cúrsaí creidimh ach go raibh an t-ealaíontóir ag freastal ar an margadh a bhí ag ceannach uaidh. Léirigh Clarke an taobh dorcha freisin agus tá an diabhal chomh maith le saol na síog le feiceáil i roinnt dá chuid oibre freisin.

Bhí saol gearr ag Clarke ach bhain sé clú agus cáil amach, cé gur cailleadh é nuair a bhí sé timpeall daichead. Bhí meas ar Clarke ní hamháin in Éirinn ach níos faide i gcéin freisin, i Sasana agus i Meiriceá freisin.

Théadh sé chomh fada le Sasana chun an gloine a ordú agus bhíodh oifig aige thall freisin, chomh maith leis an oifig a bhí aige in Éirinn.

Tréimhse fíorshuimiúil a bhí in saol agus saol oibre Harry Clarke agus é ag obair ag tús na stáit nua in Éirinn agus deir Lamb go raibh tionchar ag an stair seo ar chuid oibre.

Tá tionchar ag Harry Clarke ní hamháin i ngloine daite ach trasna an bhoird i gcónaí, a deir Lamb. Cé nach bhfuil Lamb é féin ag obair le gloine, deir sé go dtéann sé chomh fada lena chuid oibre ach go háirithe le cúrsaí solais a thuiscint mar go raibh sé ina mháistir ar a leithéid. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00