D'fhógair Na Gaeil Óga, an club CLG is mó fáis i mBaile Átha Cliath, seoladh oifigiúil An Solo Fada inniú, rás digiteach as an ngnáth.

Is é An Solo Fada an chéad rás ar domhain a chuireann an tseantriail ama 5km leis an ruathar aonair ársa ealaíonta. Beidh iomaitheoirí de gach aois ag dul san iomaíocht lena chéile i dteannta le laochra móra ar nós Rory O’Carroll (BÁC) Kevin Cassidy (Dún na nGall) & Caitlín Nic Aoidh (TG4), le feiceáil cé chomh tapaidh agus is féidir leo 5km a rith agus iad i mbun ruathar aonair

Beidh an dúshlán ar siul ar an deireadh seachtaine 27-28 Feabhra 2021. Cuirfear fáilte roimh gach aon duine páirt a ghlacadh, is cuma cén aois nó cumas CLG!

Cuirfear an t-airgead ar fad i dtreo fhás agus fhorbairt Na Gaeil Óga CLG, an t-aon chumann CLG lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh Na Gaeil Óga, atá suite i Leamhcán, i 2010 agus tá breis is 600 imreoir gníomhach thar 30 foireann anois ag imirt trí mheán na Gaeilge.

Kevin Cassidy

Ag labhairt ar an dúshlán, dúirt laoch mór Bhaile Átha Cliath Rory O’Carroll:"Is club é Na Gaeil Óga atá gar do mo chroí, is fíorcheannródaíoch an obair atá ar siúl acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí mheán na gcluichí gaelacha agus tá mé an-sásta tacú leo aon bhealach ar féidir liom."

Dúirt Rónán Ó Dálaigh, Cathaoirleach Na Gaeil Óga:

"Tuigeann gach duine gur chrua an tús a bhí leis an mbliain seo ar chlubanna CLG ar fud na tíre. Bhí muid ag iarraidh rud a thabhairt d’imreoirí agus do luchtanna leanúna ar fud na tíre a bhféadfadh siad a bheith ag tnúth leis. Tá súil againn go gcuirfidh an dúshlán seo in iúl samhlaíocht CLG i dteannta an mhórphobail i leith airgead a thiomsú a chabhróidh linn leanacht ar aghaidh ag fás mar cheann de na clubanna spóirt is mó fáis in Éirinn.

Is féidir clárú do dhúshlán 'An Solo Fada' anseo.

Tá táille €25 an duine nó €50 an teaghlach.

Caithfidh daoine fásta ruathar aonair a dhéanamh go leanúnach ar feadh 5km; páistí idir 11-14 bliana d’aois ar feadh 2km agus páistí faoi 10 ar feadh 1km.

Cuir suas físeán nó roinn pictiúr díot ag glacadh páirte sa dúshlán ar Instagram nó Twitter leis an haischlib #SoloFada agus clibeáil @nagaeiloga