Labhair Clíodhna Ní Cheallacháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tslí ar caitheadh lena máthair nuair a bhí sí ag súil léi.

'Bhí náire agus stigma ag baint le bheith ag súil agus gan tú pósta' a deir Clíodhna Ní Cheallacháin agus í ag cur síos ar conas a bhraith a seantuismitheoirí nuair a bhí a máthair féin ag súil léi.

Bhí máthair Chlíodhna ag súil páiste sa bhliain 1981 agus dúirt a tuismitheoirí go mbeadh uirthi an teach a fhágáil ar eagla go bhfaighfeadh an pobal amach go raibh sí ag súil. Cé go raibh máthair Chlíodhna ag iarraidh í a choinneáil, dúirt a tuismitheoirí nach raibh cead aici agus go nglaofaí ar na mná rialta chun an leanbh a bhailiú.

Rugadh Clíodhna in ospidéal an Choombe in mBaile Átha Cliath, áit ar tháinig na mná rialta chun í a bhailiú. Sheas a máthair an fód agus cé nach raibh na mná rialta ag súil leis, chuaigh máthair Chlíodhna chomh fada le Bessborough leis na mná rialta ach ní raibh cead aici a lámh a leagan uirthi le linn an turais.

Fágadh Clíodhna i mBessborough agus chuaigh a máthair abhaile, áit a raibh sí fós ag fulaingt ón mbreith. Cé go raibh sí tinn, bhí sí ag iarraidh plean a dhéanamh chun an leanbh a bhailiú. Mar a tharla sé, thóg grianghrafadóir pictiúr di nuair a rugadh í agus nuair a cuireadh an pictiúr chucu, d'athraigh a tuismitheoirí a n-intinn agus d'fhill sí ar Bhessborough chun Clíodhna a bhailiú. 

Bhí go leor siar agus aniar acu leis na mná rialta faoi an raibh cead aici a hiníon a thabhairt abhaile. Ar deireadh, dúradh leo ná n-aithneódh a máthair i go raibh cead aici í a choinneáil. Bhí Clíodhna i measc ocht leanaí agus fiche eile i mBessborough.

D'aithin sí a hiníon, cé go raibh sí scanraithe ach caithfidh go raibh misneach éigin inti, a deir Clíodhna. Admhaíonn Clíodhna go raibh saol iontach aici agus a máthair, ach go raibh stigma ag baint lena saol mar mháthair singil sa phobal agus gur thug roinnt daoine ainmneacha gránna ar a máthair.

Máthair iontach ab ea í, a deir Clíodhna, saighdiúir cróga.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08- 1.00