Labhair muid le hOrla O' Donnell, faoin tsraith nua Finné a bheidh ar TG4 anocht ag 9.30pm ar TG4 ina labhrann finneithe faoina scéalta féin.

Cad a thugann sé duit, mar iriseoir, a bheith ag plé le scéalta leochaileacha ar Finné?

Tá taithí agam mar iriseoir a bhíonn ag plé le na cúirteanna de ghnáth, a bheith ag insint scéalta leochaileacha. Ach sa chlár bíonn deis ag an "Finné" a scéal féin a insint go hiomlán – agus is minic a fhaigheann mé léargas an-difriúil ar an firicí – fiu más scéal é atá cloiste nó déanta agam cheana.  Leis an fhirinne a rá is mór an onóir dom bheith ag plé le na daoine seo agus a gcuid scéalta a insint.  Bíonn ionadh orm agus meas ollmhór agam do daoine atá tar éis go leor a fhulaingt – go minic tá siad tar éis rudai a fhulaingt nach bhféadfadh muid a shamhlú – ach tá siad tar éis láidreacht agus crógacht a aimsiú iontu féin chun leanacht ar aghaidh.  Tugann na scéalta léargas dom ar an spiorad daonna.  Go minic, cé go bhfuil na finnéithe tar éis go leor a fhulaingt, bíonn dóchas agus grá agus misneach le tógáil ón na cláracha seachas éadóchas nó brón.

Orla O' Donnell, láithreoir an chláir, Finné.

Cén tábhacht atá lena leithéid de chlár dóibh siúd a d'fhulaing, an dóigh leat?

Bíonn imní ort ag déanamh cláracha mar seo go bhfuil tú ag baint úsáid as na daoine seo ar mhaithe leis an chlár agus nach ndéanfaidh sé aon mhaitheas dhóibh ar chor ar bith.  Rud a chur iontas orm ná go bhfuil cuid de na finnéithe an bhuíoch as an deis a fháil a scéalta a insint I mbealach iomlán – faigheann siad deis rudaí a rá nach raibh said in ann a rá go poiblí roimhe seo agus faigheann siad deis labhairt faoi chuile ghné den méid atá tarlaithe. Chomh maith le sin, bíonn an fhoireann ag iarraidh bheith cinnte go bhfuil an Finné sásta leis an gclár sula dtéann sé amach – ní tharlódh sé sin i nuacht – ach creidim go bhfuil sé tábhachtach nuair atá daoine ag tabhairt an oiread sin dóibh féin don chlár – go hairithe, mar shampla, daoine atá tar éis mí usáid gnéis no rud éigin mar sin a fhulaingt. 

Bhí ionadh orm nuair a labhair mé le Amy Dunne (Miss D) mar shampla – go raibh tionchar chomh dearfach ag an gclár ar a saol. Bhraith sí a dúirt si, i bhfad níos eadroime tar éis don chlár dul amach  – agus bhí an náire a bhraith sí le blianta imithe.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

An bhfuil sé deacair ort mar iriseoir a théann i ngleic le cásanna agus scéalta fíorghruama go laethúil, na scéalta sin a ruaigeadh agus tú saor ón obair?

Nuair a bhí mé níos óige bhí sé níos éasca.  Tá amanta ann, na laethanta seo, go dtéann na scéalta seo i bhfeidhm orm i bhfad níos mó agus go bhfuil sé deacair iad a ruaigeadh.  Tá sé deacair a shamhlú go bhfulaingíonn daoine an oiread sin.  Tá páistí óga agam féin anois agus smaoiním orthu nuair a chloiseann mé na scéalta gruama. Faoi láthair, tá an saol deacair do gach éinne agus nil morán deis chun éalú ónár deacaireachtaí – déanaim iarracht dul amach ag siúl le cairde agus cuimhniu go bhfuil an tádh orm agus go bhfuil díon ós mo chionn, nach bhfuil mo pháistí nó aon duine eile gar dom breoite, agus go bhfuil post agam féin agus ag m'fhear chéile. Rud amháin gur féidir liom tógáil ó Finné ná gur féidir le daoine teacht tríd na rudaí is measa ar domhain, cé nach bhfuil sé éasca.

Tosóidh Finné anocht, Dé Céadaoin ag 9.30pm ar TG4