Labhair Deirdre Wadding le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina taithí siúd i dTeach Máithreacha agus Leanaí in Bessborough sa bhliain 1981.

Saolaíodh mac do Dheirdre sa teach agus ní fhaca sé an páiste sin ar feadh naoi mbliana déag ina dhiaidh sin.

Bhí eagla ar mháthair Dheirdre go raibh a saol thart mar go raibh sí ag súil le páiste agus í singil agus deir sí go raibh a máthair seanfhaiseanta agus dá réir, chuir sise glaoch ar bhean rialta chun a háit a fháil i mBessborough. Dúradh le Deirdre gan a rá le héinne go raibh sí ag súil, athair an pháiste nó deirfiúr Dheirdre, fiú. Labhair Deirdre faoin náire a shíl sí a tharraing sí ar an teaghlach mar go raibh an oiread feirge ar a muintir. 

Labhair Deirdre faoin gcúram a fuair sise le linn a tréimhse sa teach i mBessborough agus deir sí gur caitheadh go maith léi ach go bhfuil sí den tuairim gur tharla sin mar go raibh mná rialta ina teaghlach féin. Athraíodh ainm Dheirdre agus na cailíní ar fad a bhí ann agus deir sí nár labhair na cailíní faoin áit arbh as dóibh, ar eagla go scaoilfí rúin a dteaghlach.

Rugadh an leanbh agus ní fhaca Deirdre go dtí go raibh sí ag fágáil an tí. Dúirt sí go raibh sí 'ag sileadh na ndeor', mar go raibh beagán dóchais uirthi go mbeadh cead aici an páiste an choinneáil ach níor tharla sin. Bhris a croí, a deir sí, nuair a thuig sí go mbeadh uirthi an leanbh a fhágáil sa teach.

D'fhill Deirdre ar an Ollscoil i ndiaidh di a mac a thabhairt ar an saol agus tá sí den tuairim go raibh 'fhios ag daoine an méid a tharla di ach ag an am níor cuireadh oiread agus ceist amháin uirthi faoi. Luaigh Deirdre gur lig sí uirthi go raibh sí go breá ach go raibh impleachtaí móra ag an rud a tharla di ar a cuid caidrimh, ina dhiaidh sin. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00