Labhair Philomena Ní Churraoin Harte ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin faoi mar a uchtaíodh í ó Ionad Máthair agus Leanaí i mBaile Átha Cliath go Conamara, rud a chreideann sí a shábháil í. 

Rugadh Philomena in Ionad Máthair agus Leanaí i mBaile Átha Cliath i 1952, agus uchtaíodh go Cill Chiaráin i gConamara í. Ba iad Antoine agus Bridie Curran a d'uchtaigh í, agus fuair sí tógáil iontach. 

"Bhí tógáil iontach agam – sábháileadh mise i gcomparáid leis an rud a tharla go leor daoine eile ... Bhí deirfiúr agam Teresa, agus uchtaíodh ise as Baile Átha Cliath chomh maith... bhí an-ghrá sa teach.Bhí aingil chuimhdeachta againn, shábháil siad muid..." 

Ní bhfuair Philomena amach go raibh sí uchtaithe nó go raibh sí le dhul faoi lámh easpaig, agus gurbh éigean ainm cóineartú a roghnú, nuair a thuig sí go raibh ainm eile uirthi seachas Philomena, sin Mary, an t-ainm a tugadh dí nuair a rugadh í.  

"Ní dhéantaí aon chaint ar na rudaí sin ag an am sin ... Bhíodh na gasúir sa scoil ag tabhairt 'cat as a home’ orm ach níor thuig mise céard a bhí i gceist acu chor ar bith... Níl fhios agam ar ghoill sé orm.. dhomsa, bhí athair agus máthair agam... bhí tógáil álainn againn, níor thuig mise tada eile." 

Cé nach ndeachaigh Philomena ag cuartú a máthair agus a hathair breithe, rinne a deirfiúr Teresa é sin. 

"Ní raibh mé riamh ag iarraidh dhul ag cuartú mo mháthair ná m’athair ... mo ghrá agus mo bheannacht do mo mháthair agus do m’athair a thug ar an saol mé, tá súil agam go bhfuileadar go maith.Caithfidh go raibh sé deacair (ar mo mháthair) agus is dócha nach rud é go raibh sí ag iarraidh é a dhéanamh, ach gur chaith sí a dhéanamh." 

Dúirt sí gur uafásach an scéal an méid a tharla i dTuaim, agus cé go raibh sé i gceist ag an Taoiseach leithscéal a ghabháil faoin méid a tharla, nárbh leor é sin, agus go gcaithfí a fhiosrú conas gur sceitheadh an scéal sula raibh sé curtha faoi bhráid na ndaoine lenar bhain sé.

"Tá an Taoiseach chun pardún a ghlacadh sa Dáil mar gheall ar chéard a tharla .... ach bhfuil aon mhaith ansin ?Tá mé ag ceapadh go gcaithfidh siad rud éicínt a dhéanamh níos fearr ná sin... is dóiche go gcaithfidh siad fiosrúchán a dhéanamh ar cé a sceith é seo ins na meáin.""Lig an Stát agus lig an Eaglais Chaitliceach síos na daoine seo uilig agus ba chóir go dtiocfadh an Eaglais Chaitliceach amach cinnte agus pardún a ghlacadh leo... Ba chóir dóibh é a bheith déanta acu roimhe seo." 

Tá cónaí ar Philomena anois i Maigh Cuilinn, agus tá sí ina mamó agus triúr garclann aici.Bhí sí faoi agallamh ag Fionnuala Uí Neachtain ar an gclár Iris Aniar ar RTE Raidió na Gaeltachta Dé Máirt. 

Craoltar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 9.15-10.15 ar maidin.