Starting tonight, Wednesday, at 8.30 on TG4, Scéalta Grá na hÉireann looks at some of the most famous love stories in Irish history. Starting with Michael Collins and Kitty Kiernan and the tumultuous times they lived in. 

Tabharfar spléachadh sa tsraith seo ar na scéalta grá is aitheanta i stair na hÉireann. Maireann na scéalta seo go deo agus bhíonn tionchar láidir ag gach ceann acu ar stair nua-aimseartha na tíre. Ó Gráinne Ní Mháille, Banríon na bhFoghlaithe Mara, go caidreamh scannalach Oscar Wilde leis an Tiarna Alfred Douglas, léiríonn Scéalta Grá na hÉireann na caidrimh a chuaigh i gcion ar stair na tíre seo.

Cuirfear tús leis an tsraith leis an scéal grá is mó agus is tragóidí b'fhéidir i stair na hÉireann, an scéal grá idir Mhicheál Ó Coileáin agus Kitty Kiernan agus an cara is fearr a bhí ag Micheál Ó Coileáin, Harry Boland. 300 litir ar fad a sheol Micheál Ó Coileáin agus Kitty Kiernan chuig a chéile idir 1919 agus 1922. Clár é seo a thabharfaidh léargas, tríd an gcomhfhreagras sin, ar an ngrá daingean, domhain a bhí acu dá chéile le linn tréimhse chinniúnach i stair na hÉireann lenar bhain Cogadh na Saoirse, Idirbheartaíocht an Chonartha agus Cogadh an gCarad.

Anocht, Dé Céadaoin ag 8.30 ar TG4, Scéalta Grá na hÉireann