Labhair Bridget Bhreathnach (Tuismitheoir a bhfuil scolaíocht bhaile ar bun aici) faoi conas mar atá ag éirí léi leis na páistí ag obair ón mbaile ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Bridget go bhfuil ag éirí go maith léi leis an scolaíocht bhaile an iarraidh seo mar go bhfuil taithí éigin aici ón uair dheireanach nuair a dúnadh na scoileanna. Tháinig an dúnadh deireanach aniar aduaidh ar na scoileanna agus dá réir, ní raibh an teicneolaíocht socraithe suas ach an iarraidh seo go raibh na scoileanna réitithe dá leithéid.

Tá meon an tuismitheora tábhachtach, dár le Bridget, agus nach fiú brú breise a chur ort féin mar nach féidir ach 'méid áirithe a dhéanamh'. Deir sí go gcaithfear a bheith 'réalaíoch' agus gur fiú tús áite a thabhairt do shonas na bpáistí agus gach duine sa teach.

Maidir leis an strus a laghdú, deir sí go bhfuil sise agus a clann ag dul ag siúl, fiú má tá sé ag stealladh báistí mar go mbraitheann gach duine níos fearr i ndiaidh aer úr a fháil.

Glacann Bridget leis go gcaithfear úsáid a bhaint ó na scaileáin, má tá na tuismitheoirí ag iarraidh a bheith ag obair chomh maith. Molann sí cothromaíocht éigin idir páistí agus tuismitheoirí a bhaint amach, más féidir.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5.