Scríobhann Sláine Ní Chathalláin, craoltóir agus amhránaí, faoi snámh farraige atá ina nós rialta aici anois agus a thugann fuinneamh sa bhreis di don lá.

"Tá'n tusa as do mheabhair".

"An bhfuileann tú as do mheabhair?"

"Ó go saora Dia sinn, caillfear tú".

"Gheobhaidh tú fuacht ó bheith ag snámh".

Sin iad na speachanna a bhíonn á gcaitheamh liom ar Ché Bhaile na nGall agus mé ullamh le tabhairt fé’n Atlantach! GAN CULAITH UISCE!

Cé ná fuilim tosnaithe ag snámh i gceart ach le bliain nó mar sin, leis an ngrúpa iontach Snámh For the Soul, braithim chomh difriúil, anamúil ó shin. Más féidir liom in aon chor é, téim ar maidin. Tugann an t-uisce fuar fuar, fuinneamh éigin dom i gcomhair an lae agus tá sé deacair cur síos air. Le déanaí, dhá nóimeant nó trí a fhanaim san uisce, ach i mí Dheireadh Fómhair, chaithinn suas le 10 nóimeantaí istigh. Táim dulta i dtaithí air anois. Lá Nollag agus an snámh i mBaile na nGall, cheistigh daoine ina dhiaidh "An raibh sé ana fhuar?" Gan dabht bhí, ach toisc go bhfuil saghas taithí anois agam air, níl oiread beann agam air a thuilleadh.

Dá mhéid laethanta a théann tú isteach, is é is fusa a bhíonn sé! Is deas liom leis, cuairt a thabhairt ar thránna na dúichí, nuair a bhíonn cead taistil! Bíonn cuid acu níos teo ná a chéile. Dar liom féin go bhfuil Tráigh an Fhíona ar an gceann is fuaire.

Ní haon saineolaí mise, ná baol orm, ach tá rud amháin siúraltha, go ndeineann sé maitheas, in am seo an duaircis. Tá m’aigne níos sásta, mo chorp níos teo agus mo mheon níos réichúisí i leith an tsaoil agus leanfaidh mé orm an chuid eile do mo shaol. Pé acu an lá sa tseachtain é, nó hocht n-uaire (mar a dheineas i rith mhí Meán Fhómhair).

Moltar go mór d’éinne go bhfuil daitheacha orthu, tabhairt fé’n uisce sáile. Má tá do cheann á chroitheadh anois agat, á léamh seo, triail é! Dhá nóimeant do d’lá... Is fiú é! Ní bhíonn aithreachas ort go deo, tar éis duit a bheith ag snámh.