Anocht, RTÉ 1 , Dé Céadaoin an 30 Nollaig @ 7.30pm, féachann an clár Cosc ar scéal Chasablanca in Éirinn agus an chinsireacht a bhí i bhfeidhm ag an am.

"Here's looking at you kid".. "I wish I didn't love you so much."... "Maybe not today, maybe not tomorrow, but soon and for the rest of your life." 

Cé a dhéanfadh dearmad ar ghalántacht agus áilleacht Ingrid Bergman, ar charasma Humphrey Bogart dóighiúil agus ar an scéal grá tochtmhar a insíodh i gcomhthéacs bhrúidiúlacht an Dara Cogadh Domhanda i Maracó a bhí i seilbh na Naitsithe? Tá Casablanca ar cheann de na scannáin is rómánsúla riamh agus bhí an lucht féachana i bpictiúrlanna ar fud an domhain faoi dhraíocht aige sa bhliain 1942, seachas lucht féachana na hÉireann, ar an drochuair; leagan éagsúil den scéal a fuair siadsan. Ar feadh breis agus tríocha bliain, ní bhfuair lucht féachana scannán in Éirinn an scéal iomlán faoi chaidreamh mí-ámharach Rick agus Ilsa in aimsir an chogaidh. 

Bhí lucht cinsireachta scannán na hÉireann, a d'admhaigh fadó gurbh iad na Deich nAitheanta a threoraigh iad, meáite seasamh le luachanna traidisiúnta an Chaitliceachais agus iad a chosaint. Cuireadh cosc iomlán ar an scannán faoin Ordú Cumhachtaí Práinne nuair a cuireadh faoi bhráid na gcinsirí é den chéad uair sa bhliain 1942, mar gur measadh gur sháraigh sé neodrachas na hÉireann. Nuair a cuireadh faoi bhráid na gcinsirí arís é sa bhliain 1945, ba í an mhoráltacht, seachas an pholaitíocht, a chuir isteach ar an gcinsire Caitliceach cráifeach, Richard Hayes. 

Agus é meáite an caidreamh i bPáras idir Rick agus Ilsa, bean phósta, a chur faoi chois, gearradh cuid thábhachtach den dialóg ón scannán, an dialóg is cáiliúla agus is minice luaite i stair na scannánaíochta. Bhí tionchar ollmhór ag an ngearradh sin ar an scéal agus ní raibh lucht féachana in Éirinn ábalta an scannán iomlán a fheiceáil go dtí 30 bliain ina dhiaidh sin. 

San eagrán seo de Chosc, labhraíonn daoine atá an-tugtha le Casablanca faoin draíocht atá ag an scannán fós agus faoin teachtaireacht atá aige, agus pléann siad an tslí ar athraigh an cinsire scéal an scannáin. Breathnaítear ar nádúr phróiseas cinsireachta scannán an Stáit, ar an gcomhthéacs sóisialta, stairiúil, polaitiúil agus, an ceann is tábhachtaí, ar an gcomhthéacs reiligiúnach. Pléitear an réasúnaíocht agus an meon a bhí taobh thiar de na cinntí a rinne na cinsirí scannán, chomh maith leis an dochar sóisialta agus cultúir a rinneadh dá bharr.   

"Fear darbh ainm James Montgomery an chéad chinsire scannán a ceapadh in Éirinn... dúirt sé nach raibh eolas ar bith aige ar scannánaíocht, ach gur ghlac sé leis na Deich nAitheanta mar threoir" 

"Ba léiriú é an chinsireacht a rinneadh ar Casablanca ar phatrún a bhí ann in Éirinn le scór bliain; a dhéanamh cinnte de nach mbeadh caidreamh gnéis ag bean phósta le duine ar bith seachas lena fear céile." 

(Kevin Rockett , acadóir agus údar) 

"Ba é an rud ba mhó a bhí ag déanamh buartha dóibh ná an caidreamh idir fir agus mná; cúrsaí gnéis len é a chur mar sin"

"nuair a fhéachaimid anois air, féachaimid air le hómós de shaghas éigin, ómós nach raibh na cinsirí ag smaoineamh air nuair a tháinig sé amach ar dtús" 

 (Alan Titley, staraí agus craoltóir) 

An chéad uair gur chonaic mé Casablanca thit mé i ngrá leis mar bhí sé chomh epic "

"Fós sa lá atá inniu ann feicimid na scéalta tragóideacha seo, ar an mbrú ar refugees mórthimpeall an domhain ….tá mná fós ag g déanamh na deals lofa seo chun todhchaí deas a fháil dá clann" (Evelyn O Rourke, Craoltóir agus duine de lucht leanúna Casblanca) 

RTÉ 1 , Dé Céadaoin an 30 Nollaig @ 7.30pm