Ní féidir an dallamullóg a chur ar éinne againn, bhí an bhliain atá nach mór thart dúshlánach. Ní sin le rá nach raibh pócaí dóchais a thug ugach dúinn nuair a bhí géarghá leo freisin. Seo 5 cinn a sheas amach domsa

Nuair nach féidir leat leanacht ar aghaidh.... Chuir Áine Ní Bhreisleáin muid ag gáire sular thosaigh Bladhaire, fiú.

Nuair a aimsíodh réalta nua ceolmhara, Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta ag an bhFleadh a craoladh ar TG4

Nuair a bronnadh cead pleanála do Bhreanndán Ó Beaglaoích, ar a thalamh féin, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, ar deireadh thiar thall.

Nuair a labhair páistí óga Chorca Dhuibhne le hEdel Ní Loibhéad faoin saol nua ag maireachtáil le Covid 19 ar An Saol Ó Dheas

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Nuair a bhain clúdach ceolmhar ag an bhFleadh siar don amhránaí clúiteach Imelda May faoi thábhacht na Gaeilge ina saol.