Sa tsraith seo, labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoina bpleananna don Nollaig agus an bhliain a bhí acu go dáta. An iarraidh seo, labhrann Edel Ní Loibhéad, craoltóir agus láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Lá an Dreoilín agus eile!

An bhfuil buaicphointe oibre agat ón mbliain eisceachtúil seo?

Bhí deis agam aithne a chur ar ár bpobal nuair a bhogamar amach sa tSamhradh don Saol Ó Dheas, agus sinn ag craoladh amuigh fén aer ó cheantair éagsúla i gCúige Mumhan. Pribhléid domsa ab ea é sin. Táim buíoch dos na héinne a labhair liom, amuigh fén aer nó sinn scartha amach óna chéile, le cúpla mí anuas. Bhí ana thráthnóna agam i dteannta

Éist le hEdel ag caint le Tom Ó Conchúir anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


ó Chillmaolchéadair, thugamar cúpla uair a chloig ag caint is ag cur aithne ar a chéile, cuimhneod ar an gcleachtadh agus ar an bhfáilte a fuaireas sa tigh san go deo. Seasann san amach dom toisc go nglaos chuige nuair a árdaíodh na srianta, bhí sceitimíní orainn araon agus sinn scoite chun cainte!

Cad leis a bhfuil tú ag súil an Nollaig seo?

Am a chaitheamh le'm mhuintir agus na daoine tábhachta im' shaol, gan a bheith ag rith is ag rás!

An bhfuil aon ní a bhraithfidh tú uait ó bhlianta eile nach bhfuil ceadaithe i mbliana?

Lá an Dreoilín! Buaicphointe na bliana domsa i gcónaí is ea lá an Dreoilín. Ag ceiliúradh, ag seimint, ag rinnce agus ag amhrán le comharsain, cairde agus mo mhuintir. Bhíodh ana chleachtadh  na haon bhliain eile sna seachtainí roimis fiú, agus sinn ag bailiú le chéile ag déanamh na gcultacha tuí. Déanfar comóradh éigint ar an lá i mbliana, ach ní bheidh an fhiantas céanna ann, ach beidh arís amach anseo. Up the Green and Gold!

Lá an Dreoilín sa Daingean

Cén amhrán Nollag is fearr leat?

Táim go hainnis, ní féidir liom ceann amháin a  roghnú- Coinnle an Linbh Íosa agus Don Oíche Úd i mBeithil. Bíodh Nollaig aoibhinn síochánta agaibh go léir!