Sa tsraith seo, labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoina bpleananna don Nollaig agus an bhliain a bhí acu go dáta. Seo mar a bheidh ag láithreoir Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Áine Ní Bhreisleáin.

An bhfuil buaicphointe oibre agat ón mbliain eisceachtúil seo?

Sílim gur clár speisialta 'an tOireachtas sa Bhaile ar Bhladhaire' a craoladh beo ar Aoine an Oireachtais an clár is mó agus a ba dhúshlánaí a rinne muid roimhe – in aimsir agus le srianta Covid 19 bhí ceoltóirí agus aoieanna againn (le scaradh sóisialta!) i gCasla, Doirí Beaga, Baile na nGall agus aoieanna eile beo ar línte éagsúla ó áiteacha eile – ar feadh 2 uair gan stad.

Bhí fuinneamh, beocht agus craic ar dóigh ann. Ó thaobh an réamhobair a bhí déanta ag Damien Ó Dónaill air, agus an co-oibriú ó thaobh foireann uile an Raidió, agus go pearsanta, tógáil croí ar an deireadh seachtaine sin de, sheas sin amach domhsa.

Cad leis a bhfuil tú ag súil an Nollaig seo?

Scíste agus craic sa bhaile- ní duine mé a dhéanann nó atá ábalta neamhaird iomlán a dhéanamh den domhan thart orm nó ar chúrsaí reatha, ach tá mé saor idir Nollaig agus an Bhliain Úr don chéad uair sílim ó thosaigh mé sna meáin agus tam é ag gabháil a bhaint sult as comhluadar an teaghlaigh, dinnéaracha deasa agus corr shnámh!

An bhfuil aon ní a bhraithfidh tú uait ó bhlianta eile nach bhfuil ceadaithe i mbliana?

An chraic a bheadh ag baint le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le cairde- ag suí Tigh Huidi Bhig le uisce beatha te, ceol den scoith agus gairí go leor.

Cén amhrán Nollag is fearr leat?

I mBéarla, Last Christmas le Wham, tá físeán den scoith leis fosta! I nGaeilge, tá leagan álainn ag Emma Ní Fhíoruisce de I nDúlaíocht an Gheimhridh.

Is féidir leat éisteacht le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine 3-5