Sa tsraith seo, labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoina bpleananna don Nollaig agus an bhliain a bhí acu go dáta. Seo mar a bhí ag láithreoir An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máirín Ní Ghadhra.

An bhfuil buaicphointe oibre agat ón mbliain eisceachtúil seo?

An t-olltoghchán gan aon cheist. Bainim an-spraoi as an drámaiocht a bhaineann leis an gcomhaireamh i gcónaí. Bhí an toradh i mbliana chomh deacair le léamh gur thug sé neart ábhar cainte dúinn. Uair ar bith go bhfuil FF agus FG timpeall ar bhord an rialtais agus SF mar phríomh pháirtí freasúra caithfidh tú a tá go bhfuil an saol athraithe.

Buaicphointe eile don té a leanann toghcháin cosúil liomsa an toghchán uachtaránachta sna Stát Aontaithe; sobaldhráma eile. Chaith muid beagnach seachtain gan aon chodladh dá bharr agus chuir muid aithne mhaith ar fhear Chonamara ar CNN - John King.


Cad leis a bhfuil tú ag súil an Nollaig seo? 

Buíochas le Dia tar éis ar tharla le bliain is beag tionchar a bhí ag Covid 19 ar ár dteaghlach. Tá mé ag súil le gnáth Nollaig den chuid is mó. Tá roinnt saoire tógtha agam agus tá mé ag tnúth le scíth a ligean. Tá muid ar fad mar phobal tuirseach i mbliana, chítear dom.


An bhfuil aon ní a bhraithfidh tú uait ó bhlianta eile nach bhfuil ceadaithe i mbliana?

Tá mo chuid laethanta cóisire agus tithe tabhairne thart tá faitíos orm. Thairis sin beidh mé ag fanacht gan do bhaile. Ó tharla an chuid is mó den teaghlach a bheith ag cónaí go háitiúil ní bheidh aon sárú ar shrianta ag dul chomh fada leo.

Beidh mé in ann lá a chaitheamh leis na cailiní ag na sladmhargaí idir dhá Nollaig ach faoi láthair is beag athrú a chuirfidh srianta ar an mbealach a mbeidh an Nollaig dá chaitheamh agamsa.


Cén amhrán Nollag is fearr leat?

Last Christmas le Wham! Céard is féidir a rá? Ba déagóir mé sna hochtódaí!

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craoltar An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 11:00 - 12:00 Dé Sathairn