Sa tsraith seo, labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoina bpleananna don Nollaig agus an bhliain a bhí acu go dáta. Seo mar a bhí ag Aedín Gormley, láithreoir ar RTÉ Lyric Fm.

An bhfuil buaicphointe oibre agat ón mbliain eisceachtúil seo? 

Níl buaicphonte ar leith, bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann craoladh beo gach deireadh seachtaine. An rud a sheasann amach ná an méid éisteoirí a bhí i dteagmháil liom agus iad ag iarraigh iarratais a chur amach tríd an gclár chuig sean-thuismitheoirí nó cairde nach raibh ar a gcumas a fheiscint mar gheall ar Covid-19. Ba phribhléid é a bheith in ann an ceangal sin a dhéanamh idir éisteoirí. Mheas mé freisin go raibh éisteoirí ag teacht chuig Lyric fm chun ealú ón nuacht agus iad ag iarraidh ceol álainn a chloisint.   

Cad leis a bhfuil tú ag súil an Nollaig seo?

Nollaig níos ciúine a bheidh ann. Táím ag súil le dinnéir blasta lá Nollag, breathnú ar na scannáin go léir agus le siúlóid álainn cois trá 

An bhfuil aon ní a bhraithfidh tú uait ó bhlianta eile nach bhfuil ceadaithe i mbliana? 

Braithfidh mé uaim mo dheirfiúr agus mo nia and neacht nach mbeidh linn. Ach is mar sin a bheidh sé dúinn go léir agus muid ag iarraidh choinneáil slán sábháilte. 

Cén amhrán Nollag is fearr leat? 

Have yourself a Merry Little Christmas (Judy Garland) / White Christmas (Bing Crosby) Candlelight Carol (John Rutter)  / Don oiche úd i mBeithil / Oiche Chiúin

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Is féidir leat éisteacht le Aedín ar Movies and Musicals tráthnóna Shathairn ar RTÉ Lyric Fm óna 1.