As part of their commitment to the 20x20 campaign, to encourage more women to take part in sport, TG4's coverage of the Guinness PRO14 game between Leinster and Cardiff will be all female.

Tá áthas ar lucht bainistíochta TG4 a fhógairt go mbeidh foireann tráchtaireachta agus anailíse mná ar Rugbaí Beo do bhabhta 7 den chluiche mór Guinness PRO14 atá ag teacht aníos idir Seaimpíní Laighean agus Cardiff, mar chuid dár dtiomantas leanúnach don fheachtas 20x20 agus rannpháirtíocht na mban sa sport a mhéadú.

Le dhá bhliain anuas, is gné an-tábhachtach den tuairisciú athchóirithe ar Rugbaí Beo iad na hanailísithe mná ach is é seo an chéad uair i stair na craoltóireachta in Éirinn a mbeidh tráchtaireacht agus anailís iomlán déanta ar chluiche rugbaí ag mná cumasacha. I dteannta  láithreoir Rugbaí Beo, Máire Treasa Ní Dhubghaill, beidh iar-imreoirí agus imreoirí reatha idirnáisiúnta na hÉireann Deirbhile Nic a Bhaird, Eimear Considine agus Jenny Murphy ann chun anailís a dhéanamh agus beidh Máire Ní Bhraonáin i mbun tráchtaireachta.

Máire Ní Bhraonáin

Ag labhairt faoin bhforbairt, dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha,

"Tá an-áthas orainn go mbeidh tallann den scoth againn i leithéidí Deirbhile, Eimear agus Jenny in éineacht le Máire Treasa agus Máire Ní Bhraonáin chun a gcuid sainscileanna anailíse a chur ar fáil agus forbairt bhreise a dhéanamh ar bhranda Rugbaí Beo. Tá TG4 go hiomlán tiomanta do rannpháirtíocht na mban sa spórt agus creideann muid go láidir i mbunphrionsabal an fheachtais 20x20, sé sin 'if she can't see it, she can’t be it’. Tabharfaidh tuairisciú an Domhnaigh an gealltanas a rinneamar i mí Márta 2019 chun fíre, gealltanas le tallann na dtráchtairí ban a fhorbairt agus cois meig eile a thógáil i dtreo réiteach a fháil ar an easpa infheictheachta agus dearcthaí cultúir atá ann maidir le mná sa spórt".

Cuireann Rugbaí Beo, príomhbhranda rugbaí TG4 le beagnach scór bliain anois agus a théann siar chomh fada le bunú an Chonartha Cheiltigh in 2001, tuairisciú saorchraolta ar chraobhchomórtas tras-leathchruinne an Guinness PRO14 ar fáil do lucht féachana in Éirinn. Ó rinneadh athchóiriú ar an mbranda in 2018, le Iris Productions atá lonnaithe ar an Spidéal, tá moladh faighte aige ó lucht féachana de bharr nuálaíochta ó thaobh léiriúcháin cosúil le hagallaimh ar an bpáirc le cóitseálaithe agus spléachaidh fuaime sa chúlra maidir le treorú ón réiteoir do na himreoirí.

Is iad seaimpíní reatha Laighean atá ag barr Ghrúpa A agus beidh siad in ardmhuinín nuair a chuirfidh siad fáilte roimh fhoireann Cardiff go Baile Átha Cliath tar éis dóibh an bua a fháil ar Dhún Éideann, a bhí sa chluiche leathcheannais an séasúr seo caite, oíche Dé Luain seo caite san RDS 50-10. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 17:15 Dé Domhnaigh agus tosóidh an tuairisciú ar TG4 ag 16.55.