Ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt iar-cheannaire Fhine Gael, Alan Dukes, nach gcreideann sé gur údar táinsimh atá sa chonspóid a bhaineann le cás Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, Séamus Woulfe.

San agallamh le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar maidin, dúirt sé go mba léir go raibh baint ag deacrachtaí pearsanta leis an scéal, agus nach raibh gá géarchéim bunreachtúil a dhéanamh as.  

 "Go fírinneach, ní dóigh liom go bhfuil aon ghá géarchéim bunreachtúil a dhéanamh dó seo." 

"Na comhráití agus na litreacha idir Séamus Woulfe agus na daoine eile ..... tá siad ana dhlíodóireach ...tá rudaí pearsanta ráite iontu, ach ní athraíonn sé bunús an scéil." 

"Dealraíonn sé go bhfuil aighneas, déarfainn, saghas pearsanta idir an bheirt (Séamus Woulfe agus an Príomh Bhreitheamh Frank Clarke) agus le triúr eile de bhaill na cúirte sin (triúr breitheamh a raibh cruinnithe ag Séamus Woulfe leo) ach ní dóigh liom go gcuireann sé sin isteach nó amach ar an méid a bhí ráite ag Susan Denham." 

Dúirt Alan Dukes gurb é an Príomh Bhreitheamh é féin a chuir an próiseas ar bun chun réiteach a fháil ar an scéal, nach bhfacthas dó go raibh údar táinsimh ann beag ná mór, agus go gcaithfeadh an chúirt glacadh le breithiúnas Susan Denham.  

"An próiseas a chuir an Príomh Bhreitheamh ar siúl, tháinig sé ar an dtuairim ó Susan Denham nach raibh ábhar go leor anseo le go n-iarrfaí ar Séamus Woulfe éirí as a phost... Agus is é an Príomh Bhreitheamh é féin a mhol Séamus Woulfe sa chéad dul síos... Ní mór nó go raibh aithne mhaith aige ar an bhfear, ar chumas an fhir... Níl aon rud faoi sin athraithe idir an dá linn." 

"Ní fheicim chor ar bith (go bhfuil údar táinsimh ann).Tá sé ráite ag Susan Denham, agus tá mé cinnte go bhfuil an t-eolas agus an taithí agus an chríonnacht aici sin breithiúnas a thabhairt air sin, agus mar sin measaim nach bhfuil aon dul as ag an gcúirt ach glacadh leis sin."

 "Mar sin tá gach ceart ag an Oireachtas an liathróid a chaitheamh ar ais go dtí an chúirt agus a rá gur fadhb é seo ... agus é a réiteach iad fhéin go lárnach istigh sa chúirt.Is conspóid é seo a luíonn istigh sa chúirt fhéin agus caithfidh siad glacadh leis sin agus gníomh a dhéanamh dá réir." 

Bhí Alan Dukes faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain.