Anocht, ar 7.30 ar RTÉ 1,  sa dara clár de chuid 'An Teach Seo Againne' tugaimid cuairt ar theach Patricia i gContae Dhoire, áit a bhfuil cónaí ar a beirt leanaí chomh maith.


Is ag díriú ar obair bhaile na leanaí atá Patricia agus í ar a dícheall teorainn a chur leis an méid ama a chaitheann siad ag féachaint ar scáileáin agus iad ag ithe béilí. Faighimid léargas ar a dhíograisí atá sí buanna a leanaí a chothú agus ar an dóchas atá aici go mbeidh siad muiníneach neamhspleách chun nach mbeidh siad i dtuilleamaí aon duine amach sa saol.

In ainneoin na ndúshlán atá roimh a leanaí agus a uaigní a bhíonn sí féin, tá Patricia dearfach agus tá sí meáite ar na deiseanna is fearr sa saol a thabhairt dá leanaí. Téann Simon agus a iníon ar shaoire ghairid le chéile chomh maith. Cuirtear Maureen in aithne dúinn freisin, máthair shingil a bhfuil seachtar clainne aici agus a bhaineann stangadh as iníon amháin léi san aerfort agus í ag filleadh abhaile ón Astráil.

Anocht, Dé Luain 16 Samhain, 7.30pm, RTÉ 1