Labhair Mary Kennedy le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina clár nua ar TG4, Guaranteed Irish a thosaíonn ar 7.30, 16 Samhain ar TG4.

Craoltóir amach is amach í Mary Kennedy a dhéanfaidh scéalta na ngnóthaí áitiúla seo ar éirigh go han-mhaith leo a fhiosrú, gnóthaí mar Viatel, Brooke & Shoals, Lynoslife, Hope Beer, Revive Active, Big Red Cloud, Intact Software, Kilsaran, Tippo, Homecare Medical agus Kaymed. Fiosróidh sí mar a d'éirigh leo an áit ina bhfuil siad inniu a bhaint amach, na dúshláin a bhí orthu a shárú le cúpla mí anuas agus muid i lár phaindéim dhomhanda, an luach a bhaineann lena gcomhaltas de chuid Guaranteed Irish agus go leor eile.

'Tá gnóthaí iontacha sa tír atá ag déanamh fíorobair chrua le linn an ama dheacair seo lena mbaineann neamhchinnteacht. Thug mé féin faoi deara agus mé ag caint agus ag comhrá le gach aon duine dár gcuid aíonna an díograis agus an teacht aniar atá iontu.  Táim den tuairim go mbeidh an tsraith ina hábhar eolais agus siamsa don lucht féachana agus go dtabharfaidh siad faoi deara chomh gnaíúil agus atá na ceannairí gnó a bheidh sa tsraith. Ní minic a thugtar deis dúinn léargas mar seo a fháil ar chomhlachtaí rathúla mar iad agus is súil eile amach is amach é gach aon scéal aonair. Tá an-ríméad orm an tsraith nua seo do TG4 a chur i láthair. Is iontach an rud é a bheith ag obair leis an gcainéal, leis an léiritheoir Enda Grace agus lena fhoireann ag Dundara Television & Media agus iad i gcomhpháirtíocht le Guaranteed Irish agus tá súil agam go mbainfidh an lucht féachana an oiread céanna sult as agus a bhain mise as agus muid á dhéanamh ’ a dúirt Mary Kennedy, Láithreoir.

Craolfar Guaranteed Irish ó Dé Luain an 16 Samhain ó 7.30pm ar TG4.