Dé Luain 16 Samhain ag 2.05 pm cuirfear tús le craoladh an leagan raidió d'úrscéal Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid den chomóradh caoga bliain ó bhásaigh an Cadhnach, 'Bliain an Chadhnaigh 2020’.  

Foilsíodh an t-úrscéal Cré na Cille ina mhíreanna ar Scéala Éireann sa bhliain 1949 ach níor tháinig sé ar an saol i bhfoirm leabhair go dtí 10 Márta 1950.I 1973, gan Raidió na Gaeltachta a bheith fiú bliain ar an bhfód, tugadh faoi dhúshlán ollmhór, dráma raidió a dhéanamh as an úrscéal cáiliúil. Gníomh misnigh a bhí ann don stáisiún óg Gaeltachta go cinnte, agus ba é an máistir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, fear a raibh ardmheas aige ar Mháirtín Ó Cadhain agus ar a shaothar, a chóirigh an leagan raidió. Ba é Maidhc P. Ó Conaola a léirigh an dráma.  

Ní raibh ach trealamh craolta agus taifeadta sách bunúsach ag an Raidió ag an am, agus bhí áiseanna stiúideo gann, ach mar sin féin d’éirigh leo an cliar de mhórdhosaen aisteoirí a thabhairt le chéile chuile dheireadh seachtaine ar feadh leathbhliana gan teip, éacht nach beag, chun an dráma a thaifead.I measc na n-aisteoirí a bhí páirteach bhí Winnie Mhaitias Uí Dhuilearga, Bríd Ní Choisdealbha, Tom Sailí Ó Flaithearta, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Tomás Ó Conaire, Mícheál Mac Con Iomaire, Tomás Ó Mainnín, Diarmuid Mac an Adhastair, Joe Steve Ó Neachtain agus an file Máirtín Ó Díreáin, a bhí i bpáirt Stoc na Cille don dara leath den tsraith.Níl ansin ach cuid den chliar iomlán, cúig dhuine is fiche uilig.  

Beidh an dráma le cloisteáil gach Luan agus Máirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2.05 pm - 3 pm go dtí deireadh na bliana, ag tosú ar 16 Samhain.