Tá cead pleanála faighte ag an gceoltóir, Breanndán Ó Beaglaoích a theach féin a thógáil ar a thalamh féin i gCorca Dhuibhne tar éis cúig bliana déag ag plé le Comhairle Chontae Chiarraí.

Labhair Breanndán le Pádraig Ó Sé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin dea-scéal a fuair sé le déanaí agus cad a chiallaíonn seo do dhaoine eile sa dúthaigh.

Deir Ó Beaglaoích gur bua é seo, ní hamháin dó féin ach dá chlann, do mhuintir Chorca Dhuibhne agus muintir na tuaithe trí chéile. 

Luaigh Breanndán nach bhfuil an litir faighte aige go fóill go hoifigiúil ach go dtuigtear dó go bhfuil an cead le bronnadh air teach a thógáil ar a thalamh féin.

'Ualach de mo chroí is ea é'

Chuir Breanndán béim ar an dóchas a chruthaíonn an cinneadh seo don ghlúin óg agus anois go bhfuil 'deis ag an nglúin óg maireachtaint ins na bailte inár rugadh agus tógadh ann iad'.

Tá dóchas ag Breanndán anois go mbeidh deis ag muintir na tuaithe na rialacha a athrú chun go mbeidís ar a son, seachas ina gcoinne.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.10 agus 1.00