Tá an comórtas iontach seo á reáchtáil mar nach féidir le páistí bheith ag dul ó dhoras go doras ar Oíche Shamhna i mbliana, i gcomhar le Tesco mar chuid d'iarrachtaí Tesco don feachtas Trick or Treat for Temple Street. 

Duaiseanna: Ciseán deaisíní  d'Oíche Shamhna don bhuaiteoir + 9 gciseán eile le cois do na comharsain

Luach €100 i ngach ciseán - €1000 uilig. 

Tá 3 cinn de na duaiseanna seo ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le tabhairt amach (sin 30 ciséan uilig!) 

Piocfaidh Iris Aniar, Barrscéalta agus An Saol ó Dheas buaiteoir an ceann Dé hAoine do na duaiseanna seo.

Rachaidh an triúr buaiteoirí sa hata don duais mhór freisin

Tá saoire teaghlaigh go Orlando, Florida le baint... Beidh an triúr a phiocfar Dé hAoine le cur sa hata mór don duais seo.  Piocfar an buaiteoir Dé hAoine ar an Late Late Show. 

Le cur isteach ar an gcomórtas:

Ní gá ach téacs a chur chuig 51553 leis an focal 'Samhain' ag tús + ainm agus seoladh, nó ó na Sé Chontae RNAG agus an focal 'Samhain' + ainm agus seoladh chuig 80889.