Cé go bhfuil muid uilig díomách nach mbeidh muid in ann a theacht le chéile ag Oireachtas 2020, beidh craoladh speisialta a thabharfas ardú croí don lucht éisteachta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Dhéardaoin 29 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh 1 Samhain, An tOireachtas sa Bhaile ar RTÉRnaG.

Beidh trí chlár speisialta le comhrá, spraoi, scéalta agus amhráin á gcur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín, Ceiliúradh an Oireachtais 2020, Déardaoin agus Dé hAoine ag 7 pm, agus Dé Sathairn ag 9 pm, beidh eagrán speisialta de Bhladhaire ann freisin ar an Aoine, agus beidh an t-aifreann ann Dé Domhnaigh.

Ar an gclár Déardaoin ag 7 pm beidh Máire Mhic Niallais ó Ghaoth Dobhair, Conchubhar Ó Luasa ó Mhúscraí agus Mícheál Ó Curraoin as Carna, nó Dr Michael mar is fearr aithne air, ag comhrá le Máirtín faoina gcuid cuimhní cinn ar Oireachtaisí éagsúla, go háirithe Oireachtas Chois Fharraige i 1974, an chéad uair gur athraigh an fhéile amach as Baile Átha Cliath, agus na hOireachtaisí a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair. 

Dé hAoine ó 3 pm go 5 pm, beidh eagrán an-speisialta de Bhladhaire le cloisteáil – An tOireachtas sa Bhaile le Bladhaire, lán go boimbéal le ceol beo, lúibíní, amhránaíocht, sceitse, spraoi, comórtais agus neart eile.Cé nach bhfuil aon Oireachtas againn i mbliana, beidh beagáinín de chraic na féile le fáil ar an gclár seo le hÁine Ní Bhreisleáin.

Beidh ceol beo acu dúinn le Pólca 4 agus ceoltóirí Ráth Cairn.Beidh amhránaithe thuaidh, theas, thiar agus thoir páirteach sa chlár, ina measc Máire Ní Choilm, Irial Ó Ceallaigh, Gearóidín Breathnach, Orlaith Ní Fheinneadh agus Nell Ní Chróinín.

Beidh agallamh beirte nuachumtha ag Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill dúinn, agus cloisfidh muid cuid den obair chumadóireachta a rinne na héisteoirí don chomórtas mór agus duais €200 ag dul chuig duine acu!Dé hAoine ag 7 pm ar Ceiliúradh an Oireachtais 2020 , beidh Seán Ó Gráinne ó Mhaigh Eo, Mícheál de Mórdha ó Chorca Dhuibhne, agus an ceoltóir agus an cumadóir Peadar Ó Riada ó Mhúscraí i measc na n-aíonna a bheas ag Máirtín Tom Sheáinín.

Dé Sathairn, tosóidh an clár ag 9 pm, agus beidh bronnadh Ghradam RTÉ Raidió na Gaeltachta mar bhuaicphointe na hoíche. Beidh beirt fhonnadóirí óga, Gráinne Ní Fhátharta agus Evan Ó Gríofa, ar an gclár ag Máirtín freisin, beirt go deimhin a bheadh páirteach i gCorn Uí Riada i mbliana dá mbeadh sé ann, agus beidh Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maoladha, faoi agallamh aige.

Cloisfidh muid amhráin ón gcartlann ann ón gcúigear fonnadóir a thug leo Corn Uí Riada ach atá anois ar shlí na fírinne chomh maith, is iad sin Nan Ghriallais, Nóra Ghriallais, Josie Sheáin Jeaic, Ciarán Ó Con Cheannain agus Joe John Mac an Iomaire. Dé Domhnaigh, beidh Aifreann an Oireachtais le cloisteáil ó Shéipéal Chill Éinde sa Spidéal.  

Sin An tOireachtas sa Bhaile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin 29 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh 1 Samhain.