Beidh gach ceann den 42 cluiche i gCraobhchomórtais Uile-Éireann Pheil na mBan TG4 2020 le fáil le breathnú orthu BEO - agus SAOR IN AISCE!

Tá ríméad ar Chumann Pheil na mBan agus ar urraithe an Chraobhchomórtais TG4 a fhógairt go mbeifear ábalta gach ceann den 42 cluiche i gCraobhchomórtais Uile-Éireann TG4 a fheiceáil BEO - agus SAOR IN AISCE. 

Craolfaidh TG4 9 gcinn de chluichí san iomlán – lena n-áirítear na Craobhchomórtais seo - Corn an West County Hotel Cup (Sóisir), Corn Cuimhneacháin Mary Quinn (Idirmheánach) agus Corn Brendan Martin (Sinsir)  – agus déanfar an 33 cluiche eile a shruthú ar ardáin éagsúla.

Rinneadh an fógra mórthábhachtach seo an t-am céanna a bhfuiltear ag comóradh 20 bliain agus 20 séasúr d'urraíocht TG4 ar Chraobhchomórtais Uile-Éireann Pheile na mBan na bliana 2020 - agus an 20ú bliain de chlúdach TEILIFÍSE BEO ar Chraobhchomórtais na hÉireann.

Rachaidh 31 contae san iomaíocht do na coirn le linn Chraobhchomórtais Uile-Éireann Pheil na mBan do dhaoine fásta 2020 - agus cuirfear tús leis an aicsean Dé Domhnaigh nuair a bheidh Cill Mhantáin le Ceatharlach agus Luimneach le Doire agus tús á chur acu le Craobhchomórtas na Sóisear.

12 foireann a bheidh san iomaíocht do Chorn Brendan Martin (Sinsir), 13 foireann a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gCorn Cuimhneacháin Mary Quinn (Idirmheánach), agus sé fhoireann a rachaidh chun páirce i gCorn an West County Hotel (Sóisir).

Cinnfear Cluiche Ceannais Chorn an West County Hotel Dé Sathairn an 5 Nollaig agus beidh Cluichí Ceannais Chorn Cuimhneacháin Mary Quinn agus Chorn Brendan Martin mar chuid den dá chluiche a imreofar i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh an 20 Nollaig.

Cuirfear tús le clúdach BEO Chraobhchomórtais 2020 oíche Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair faoi shoilse ar Pháirc Kingspan Breffni nuair a thabharfaidh céilí comhraic Uladh, Tír Eoghain agus Ard Mhacha aghaidh ar a chéile i nGrúpa 4 de chomórtas na Sinsear.

Tá iarrtha ag TG4 agus ag an LGFA ar lucht tacaíochta Thír Eoghain agus Ard Mhacha mar atá siad ag tacú leis an bhfeachtas #Properfan a léiriú - agus go mbeidh deis acu a bheith curtha le Balla Lucht Tacaíochta TG4 le linn an chraolta bheo ar an gcluiche mór seo a bhfuiltear ag súil go mór leis.

Iarrtar ar lucht tacaíochta an dá chontae pictiúir/físeáin dóibh féin i ndathatha an chontae a roinnt ar na meáin shóisialta agus úsáid a bhaint as an haischlib #ProperFan. Roghnófar na buaiteoirí ina dhiaidh sin len iad a chur le Balla Lucht Tacaíochta TG4.

Tarraingíonn clúdach TG4 lucht féachana suntasach in Éirinn agus ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.tv.

#ProperFan