Labhair an craoltóir Mac Dara Mac Donncha ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina mháthair atá ar dhuine de na hothair san ionad altranais Nightingale i mBéal Átha na Sluaighe a bhfuil ráig den ghalar COVID-19 ann

Dúirt sé nach bhfuil sé sách maith go bhfuil an fhoireann agus na hothair ansin fágtha gan an tacaíocht chuí ó HSE, agus gurb éigin an scéal a chur amach go poiblí chun cúnamh a fháil. 

Mhínigh Mac Dara Mac Donncha d'Fhachtna Ó Drisceoil ar an gclár Tús Áite, go raibh a mháthair Bríd Nic Dhonncha, 91, san ionad sin ó 2012 agus cé go raibh COVID-19 uirthi, nach raibh aon chomharthaí sóirt uirthi.Dúirt sé go raibh siad thar a bheith cúramach ann, agus nach raibh aon chás sa teach altranais san earrach, agus gur bocht an scéal anois go bhfuil siad fágtha ar an ngannchuid.

"Níl sé sásúil chor ar bith.Bhí’s ag daoine nuair a thosaigh sé seo siar i mí Márta agus i mí Aibreáin na deacrachtaí agus na fadhbanna móra a bhí ins na tithe altranais ... Bhí an samhradh uilig acu le déanamh cinnte nach dtarlódh a leithéid seo arís, níl sé maith go leor. Seo daoine a bhfuil seirbhís tugtha acu ...Mhúin mo mháthair i scoileanna éagsúla i gCabhán agus i nGaillimh ar feadh b’fhéidir tríocha bliain, thug sí seirbhís iontach don stát, tá níos fearr ná seo tuillte aici agus ag chuile dhuine eile beo atá sa teach altranais seo."

Dúirt Mac Dara nach raibh rogha ar bith eile ag an teach altranais ach an scéal a chur amach i measc an phobail tríd an Dochtúir Martin Daly ionas go bhfaigheadh siad an tacaíocht phráinneach a bhí ag teastáil.

"Chuireadar in iúl é (na fadhbanna) don bhFeidhmeannacht Sláinte, a dúirt leo agency a úsáid, chuaigh siad chuig an agency ach ní raibh aon duine ar fáil, chuir siad scéal ar ais go dtí an Fheidhmeannacht ach ní bhfuair siad aon sásamh."

"Sin an fáth go ndeachaigh an dochtúir amach go poiblí agus fuair sé cead iomlán ó úinéirí an tí ... mar bhraitheadar nach rabhadar ag fáil aon aird ón bhFeidhmeannacht Sláinte, mór an peaca go gcaithfidh tú scéala dhéanamh poiblí ... is dócha gur bhraith siad nach raibh aon rogha eile acu ... tá rud éicínt déanta anois faoi."Dúirt Mac Dara gurb é an rud a bhí le déanamh anois " faoiseamh a thabhairt don bhfoireann leighis atá sa teach altranais agus meas a léiriú ar an 27 duine atá sa teach altranais sin, meas a léiriú orthu mar dhaoine... a rá 'níl muid chun sibh a fhágáil ansin san bhfaopach gan cúnamh a chur ar fáil daoibh’ ... go mbeadh dínit agus meas ar na hothair uilig atá ann, mo mháthair san áireamh."

Dúirt sé go raibh tairiscintí faighte ag teach altranais Nightingale ó dhaoine ar fud an oileáin ó Chiarraí go Dún na nGall a bhí sásta teacht i gcabhair orthu agus oibriú go deonach, léiriú ar an spiorad iontach pobail in Éirinn in am na géarchéime.

Bhí Mac Dara Mac Donncha faoi agallamh ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin.