Labhair muid leis an amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh faoina clár, Malairt Poirt le Muireann atá ag filleadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach.

Dá mbeifeá le cur síos a dhéanamh ar an gclár Malairt Poirt le Muireann i dtrí fhocal, cad a roghnófá?

Éagsúil, Fiosrach, Corraitheach

Cad é an stíl ceoil is fearr leatsa i láthair na huaire?

Níl freagra ar sin, táim ag éisteacht le gach stíl ceoil fé láthair, go háirithe agus an clár a chur le chéile. Ní sheinnim aon rud nár bhreá liom féin, ná bhfuil aoibhneas ar leith ann, is a chorraíonn mo chroí.

An bhfuil aon chraoltóir faoi leith a bhfuil tionchar acu ar do stíl féin? Má tá, cé hiad?

Tá ualach, táím ag éisteacht lem' chomharsa Cian Ó Cíobháin ó bhíos im dhéagóir, fiú roimis dó a bheith ar an aer leis An Taobh Tuathail, agus d'imigh sé go mór i bhfeidhm orm cé chomh oscailte agus leathan atá a réimse ceoil.

Dúirt Dara Ó Cinnéide, bainisteoir réigiúin Bhaile na nGall: 

Beidh an clár Malairt Poirt ag filleadh ar an aer sa tréimhse amach romhainn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é fite fuaite isteach is amach le clúdach spóirt na seirbhíse as seo go Nollaig.

Seachas tráthnóintí fánacha go mbeidh cluichí CLG á gcraoladh idir 7 agus 9 a chlog, beidh Muireann ag cur a rogha ceoil is amhrán fé bhráid na n-éisteoirí agus ár dtabhairt ar aistear gach tráthnóna ar chríocha ceoil a thabharfaidh taitneamh gan teip don gcluais is don anam. 

Éist le Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn, óna 7.