Níl aon chead againn bogadh amach as ár gceantair, gan a bheith ag trácht ar dhul fiáin lena chéile ach tá Bladhaire chun fiántas Oireachtas na Samhna a thabhairt chuig do theach ar an 30 Samhain.

Ní hamháin go mbeidh Áine ag dul siar ar bhóithrín na smaointe ach beidh amhráin agus sceitsí nua chomh maith le ceol ó Phólca 4 agus réalta eile na Féile ina teannta óna 3, Dé hAoine seo chugainn.

An mbeidh muid ar fad ag rince inár dtithe amhail 's go raibh muid ag Club na Féile? Beidh, gan dabht!

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine óna 3.