Labhair Edel Ní Loibhéad le roinnt páistí óga i gCorca Dhuibhne faoi fhilleadh ar an scoil i mbliana i ndiaidh an bhriseadh fada mar gheall ar chúrsaí Covid-19 ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

I measc na leanaí, tá Méidhbhín, Sonaí agus Dara Mac a tSíthigh, Éimhín agus Seán Dalby, Ruairí Ó hUanacháin, Sibéal Ní Shéaghdha agus Aisling Ní Shúilleabháin.

Bhí formhór na bpáistí sásta a bheith ar ais ar scoil mar gheall ar an gcomhluadar agus go bhfuil sé níos fusa an obair a dhéanamh sa seomra ranga seachas sa bhaile. Bhí siad nach mór uilig den tuairim go raibh an obair scoile níos fusa a dhéanamh ar scoil seachas sa bhaile ag brath ar theicneolaíocht. 

Dár ndóigh, tá míbhuntáistí ag baint le bheith ar scoil arís, bíonn ar  na leanaí níos mó ama a chaitheamh istigh agus níl an oiread ama acu le bheith ag snámh nó ag siúl agus tá na rialacha nua a bhaineann leis na víreas tuirsiúil.

Edel Ní Loibhéad

Éimhín agus Seán Dalby. Bord an mhúinteora ró chóngarach do Sheán i mbliana, ach seachas san tá sé sásta bheith thar nais! Éimhín i rang a 6,ach faraor i mbliana ní féidir le rang a 6 a bheith ag cabhrú leis na naíonáin sa chlós ag am lóin. @RTERnaG pic.twitter.com/yutjvfIeEb

— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) October 13, 2020

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 12.08-1.00