Beidh clúdach cuimsitheach ar Cháinaisnéis 2021 ar an gclár Lá na Cáinaisnéise ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu ó 1.30 pm.

 Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár i láthair, agus beidh painéal saineolaithe ina cuideachta chun Cáinaisnéis 2021 a chíoradh go mion.

Ina measc beidh an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin; an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadha; Joe Barry, Ollamh le Sláinte Poiblí; Seán Ó Riain, Ollamh le Socheolaíocht; an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin; Anna Heussaff ón eagraíocht Cairde na Cruinne; Michael Tunney, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall; an ceoltóir Muireann Nic Amhlaoibh; an fear gnó Mícheál Ó Críodáin; agus an t-iar Rúnaí Ginearálta ar an Roinn Gnóthaí eachtracha Noel Dorr. 

Gormfhlaith Ní Thuairig

Déanfaidh siad anailís ar na cinnithe atá déanta ag an rialtas, na fáthanna a bhaineann leo, na himpleachtaí polaitiúla, agus na himpleachtaí don phobal agus d'earnálacha éagsúla.Beidh na hiriseoirí Máirín Ní Ghadhra agus Fachtna Ó Drisceoil páirteach sa chlár freisin, agus cloisfidh muid ó réimse leathan polaiteoirí faoina ndearcadh siúd ar an méid a atá fógartha inniu. 

Sin Lá na Cáinaisnéise ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu ó 1.30 pm.