D'fháilteodh Údarás na Gaeltachta roimh ról níos láidre i gcúrsaí pleanála a dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Mícheál Ó hÉanaigh in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn.  

In agallamh ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra dúirt Mícheál Ó hÉanaigh go bhfuil ról comhairleach ag an Údarás faoi láthair ach go bhfáilteodh an eagraíocht roimh ról níos láidre.Dúirt sé gur bhraith sé faoi láthair ar pholasaithe na n-údarás áitiúla pleanála, agus nach raibh an oiread sin treorach faoi láthair ón lár. 

"B'fhéidir nach é an méid sin treoir atá ann ag leibhéal náisiúnta i láthair na huaire agus d’fháilteodh muid roimh aon rud a láidreodh an cúram sin, go bhféadfadh muid cabhrú ar aon bhealach leis seo. Tá sé sin ag brath ar treoir agus polasaithe ón lár a bheadh á chur i bhfeidhm ag na leibhéalacha contae."Ba mhaith an rud freisin, a dúirt Ó hÉanaigh, dá mbeadh duine ar an mBord Pleanála a mbeadh tuiscint ar leith acu ar an nGaeltacht. 

Máirín Ní Ghadhra

Ag tagairt don athbhreithniú ar bhord Údarás na Gaeltachta atá geallta sa gclár rialtais dúirt sé go n-oibríonn an bord mar atá faoi láthair le baill ainmnithe, agus má chinntear toghcháin a thabhairt ar ais go mbeidh bainistíocht na heagraíochta in ann oibriú le bord tofa.Tá an dá chóras in ann feidhmiú go maith a dúirt Ó hÉanaigh.

Ní fheiceann sé go mbeidh aon athrú mór ag teacht ar Údarás na Gaeltachta mar go gcreideann sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil tuiscint ag an eagraíocht ar na pobail Ghaeltachta, ar na hearnálacha fáis agus ar na réimsí gur féidir forbairt a dhéanamh 

"Tá an tÚdarás ansin mar eagraíocht atá ullamh chun oibre, atá solúbtha, atá in ann a bheith ag déileáil leis na hathruithe a thagann sa timpeallacht forbartha idirnáisiúnta ... Go bhfuil sé le feiceáil leis an straitéis 3 bliana atá díreach á chur i gcrích anois againn go dtí deireadh na bliana go raibh muid in ann rudaí nua a thabhairt chun cinn sa Ghaeltacht agus go bhfuil tuilleadh rudaí go bhfuil muid in ann a thabhairt chun cinn sa chúig bliana atá amach romhainn." 

Bhí Mícheál Ó hÉanaigh faoi agallamh ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn.