D'fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2020 –Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) agus Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta).

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Is ar an Teach Foilsitheoireachta, Futa Fata, a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ le Máire Zepf agus a mhaisigh Shona Shirley Macdonald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac don saothar AR LUCH AGUS AR DHUINE aistriúchán cumasach a rinne Colmcille Ó Monacháin ar an saothar le John Steinbeck, Of Mice and Men.Is chuig an Teach Foilsitheoireachta, Móinín, a chuaigh Gradam Uí Shúilleabháin don saothar MÁCHAIL le Ré Ó Laighléis. Fógraíodh duaischiste iomlán de €17,000.

"Tréaslaím leis na meithleacha ar fad a tháinig i dteannta a chéile chun na foilseacháin bhreátha atá á gceiliúradh againn inniu a chruthú", a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, "Tá borradh agus bláthú i dtaca leis an litríocht Ghaeilge le tabhairt faoi deara, ní amháin sa tír seo ach san Eoraip agus níos faide ó bhaile", a dúirt sé.  "Is ugach dúinn ar fad é nuair a fheicimid saothar Gaeilge á aistriú go teanga eile chomh maith le sár-fhoilseacháin ó theangacha eile a bheith á gcur ar fáil i nGaeilge.  Is léiriú atá ann ar rath agus ar bhríomhaire ár dteanga, ár scríbhneoirí agus ár dTithe Foilsitheoireachta.  Ní mór dúinn anois, go háirithe i bhfianaise na corraíola eacnamaíoch agus na ndúshlán eile atá tarlaithe de bharr na paindéime, a chinntiú go sroichfidh na leabhair seo na margaidh atá ag tnúth leo."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, "Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí na ngradam agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá beocht agus brí in earnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair agus tá na foilsitheoirí agus scríbhneoirí araon le tréaslú dá bharr. Tá na tithe foilsitheoireachta faoi bhrú i láthair na huaire agus tá súil agam gur ardú meanma agus b’fhéidir ardú díolacháin a bheidh ann dóibh a bheith luaite ar na gearrliostaí i mbliana."

Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge céim eile sa tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, nuair a cuireadh ocht ngrianghraif nua leis an mbunachar ar Portraidi.ie.  D’fhógair An Dr. Liam Mac Amhlaigh (eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge) liosta scríbhneoirí 2021 ag an ócáid freisin.  Eiseofar portráidí de na scríbhneoirí seo, chomh maith le heolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile faoi mhí Dheireadh Fómhair 2021.

Leanfar leis an gceiliúradh ar Scríbhneoirí na Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna ó 23 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2020, tráth a bhfógrófar Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020.