Labhair Aodh Ó Coileáin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin scannán iomráiteach, The Field atá 30 bliain d'aois i mbliana.

Luann Aodh an cheangail speisialta atá ag muintir na hÉireann agus an talamh ina maireann muid. Ní haon rud nua í an cheangail seo ach rud atá luaite fiú ag Eibhlín Dubh Ní Chonaill i gCaoineadh Airt Uí Laoghaire chomh maith le go leor saothar eile. 

Deir Ó Coileáin gurb é an grá seo, 'an spreagadh is ársa' atá ionainn agus go bhfuil sé ionainn 'go smior agus go smúsach'. Déanann Ó Coileáin comparáid idir an tír, an talamh agus íomhá den tír mar bhean, Fodhla, Banba, Cathleen Ní Houlihan agus mar sin de. 

Aodh Ó Coileáin

Bhain cuid den dráma agus an scannán le saoirse na tíre a bhaint amach, dár ndóigh. Níl an scannán 'as faisean' ach an oiread mar is dócha go bhfuil an t-ábhar chomh tráthúil agus a bhí an uair sin.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00