Cuirfear tús le Sraith 25 do Ros na Rún ar an 22ú Meán Fómhair ag 8:30in ar TG4.  Urraithe ag XL Ireland, Is é Ros na Rún t-aon sobalchlár in Éirinn atá suite faoin tuath. Maraon le gach bliain, beidh an sraith seo lán le drámaíocht agus scéalta pléascacha agus spleodracha.

Fritheadh Andy neamh chiontach an séasúr seo caite, tá sé anois ag siúl na sráide gan fuacht na faitíos, ach tá faitíos ar go leor daoine de bharr seo!  Frances san áireamh. Tá Malachai réidh chun ceist a chuir ar Frances í a phósadh, ach tá cloch níos mó ar an bpáidrín aice.  Céard atá i ndán do Frances, Tadhg agus Malachi an séasúr seo?

An fhad is atá Ros na Rún ag fáil faoi réir don ócáid thábhachtach, sin é ar ndóigh craoladh Sraith 25 ar an 22ú M.Fómhair ag 8.30i.n ar TG4, tá ríméad orthu go ndearna a n-urraitheoirí XL an cinneadh 3 bliana breise a chuir leis an bpacáiste urraíochta uathu go dtí an bhliain 2022.

Tá ról lárnach ag an siopa XL i ngach eipeasóid Ros na Rún ón am a rinne  an réalt mór ceol tíre Daniel O'Donnell oscailt oifigiúil ar an tsiopa ar seit Ros na Rún i 2017. Is é an carachtar Vince atá I mbun an tsiopa, páirt a dhéanann Paul McCloskey, duine do mhóraisteoirí chathair na Gaillimhe, atá i Ros na Rún le fada an lá. Déantar neart cúlchaint sa siopa agus is iomaí eachtra a bhíonn ceangailte leis, ina measc le gairid bhí bréaga Chaitríona faoin airgead agus iompar míchuí Vince. Ar nós aon siopa i mbaile beag ar bith tá ról lárnach ag an siopa XL i nurraíocht imeachtaí i Ros na Rún agus ag tabhairt tacaíocht don phobail.

Tosaíonn an tsraith nua de Ros na Rún @8.30 anocht, ar TG4.