Labhair Helen Ní Shé le Breanndán Ó Beaglaoích  ó Bhaile na bPoc faoin agóid atá a dhéanamh aige faoi chúrsaí pleanála faoin tuath ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag caint le Helen faoin gcúis go bhfuil breis agus dhá chéad cros curtha aige agus grúpa darbh ainm Todhchaí na Tuaithe i ngort ar a thalamh féin, i mBaile na bPoc deir sé gurb é cúrsaí pleanála 'an buille is troime a bualadh ar an bpobal seo ó aimsir an Ghorta'.

Breanndán os comhair an tí 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Luan go hAoine idir 12.08-1.00